Top Level Content Navigation:
Tá iarratas pleanála curtha faoi bhráid Chomhairle Contae Fhine Gall ag Aerfort Bhaile Átha Cliath maidir le rúidbhealach nua agus tá soiléiriú breise curtha ar fáil aige don Chomhairle i dtaca leis na saincheisteanna a bhaineann le forbairt an rúidbhealaigh nua. Ligfeadh tógáil an rúidbhealaigh nua d' Aerfort Bhaile Átha Cliath thart ar 30 milliún paisinéir in aghaidh na bliana a láimhseáil nuair a bheadh sé faoi lán seoil.

Ní mór Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol a chur le hiarratas pleanála ar rúidbhealaigh atá thar 2,100 m ar fhad. Measúnú ar na tionchair atá ag tionscadal forbartha ar an gcomhshaol atá i gceist le Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol (EIS) agus déantar le linn phleanáil an tionscadail é.
Mar chuid den obair iniúchta a cuireadh i gcrích agus an Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol á ullmhú, rinneadh comhairliúchán poiblí ar na dátaí seo a leanas:
Cuireadh an t-athbhreithniú ar an gcomhairliúchán poiblí i bhfeidhm ar na dátaí seo a leanas:
Tá tionscal na n-aerlínte athraithe go suntasach le
deich mbliana anuas. D'athraigh na h-aerlínte ar chostas íseal go hiomlán an
chaoi agus an fáth a dtaistealaíonn daoine ar eitleáin. Teastaíonn rogha níos fairsinge ó
dhaoine ó thaobh ceann scríbe de agus is mian leo taisteal níos minice.
Chomh maith leis sin teastaíonn naisc ar fud an domhain ónár ngeilleagar nua-aimseartha chun
fás eacnamaíoch a chothú agus a spreagadh. I 1994 láimhseáil Aerfort
Bhaile Átha Cliath 6.98 milliún paisinéir ar 130,000 gluaiseachtaí aerárthaí.
Ó shin i leith tá fás seasta milliún ar an
meán in aghaidh na bliana tagtha ar líon na bpaisinéirí. I 2004 úsáidfidh níos mó ná
17 milliún paisinéir an t-aerfort agus beidh 165,000 gluaiseachtaí aerárthaí.
Is í an chaoi is fearr le hacmhainn an aerfoirt a mheas ná
líon na ngluaiseachtaí aerárthaí atá
ar fáil san iomlán agus ag buaic-thréimhsí. Cé go bhfuil aerárthaí ag
éirí níos mó agus cé gur féidir leo glacadh le tuilleadh paisinéirí, tá
líon na ngluaiseachtaí teoranta sa chóras rúidbhealaigh atá againn faoi láthair.
Cuirfidh an dara rúidbhealach acmhainn bhreise ar fáil suas go dtí 30
milliún paisinéir. De réir na bhfigiúirí fáis ar an gceann caol
de beidh gá leis an dara rúidbhealach sa 8 -10 mbliana atá le teacht.
Cuirfear an rúidbhealach nua
san áit a bhfuil Rúidbhealach 11/29 faoi láthair. Cuirfear 1,690 méadar ó thuaidh den rúidbhealach reatha 10/28 é agus beidh
sé comhthreomhar leis. Beidh sé suite go hiomlán laistigh de limistéar reatha an aerfoirt
agus déanfar é a cheangal leis an gcoimpléasc reatha trí shraith de bhealaí gluaiste.
Beidh sé 3110 méadar ar fhad agus 60 méadar ar leithead, móide crua-ghruanna, 15
méadar san iomlán
Tá an creat ama i gcomhair an dara rúidbhealaigh
bunaithe ar cé chomh fada is a thógfaidh sé buaic an chumais reatha a bhaint amach. Faoi láthair tá trí rúidbhealach ag córas
rúidbhealaigh Aerfort Bhaile Átha Cliath, is é 10/28 an ceann is faide,
16/34 an dara ceann is faide agus ansin tá 11/29 arb
é rúidbhealach gearr. Tá chuile iarracht á déanamh chun féachaint chuige go mbaintear leas iomlán
as an gcóras rúidbhealaigh atá ann faoi láthair, agus tá comhlacht an aerfoirt
(mar sholáthraí na rúidbhealaí), Údarás Eitlíochta na hÉireann - Rialú Tráchta Aeir (mar
bhainisteoirí na rúidbhealaí) agus na haerlínte (mar úsáideoirí) bainteach leis an obair seo.
Rinne saineolaithe atá ag obair don chomhlacht UK National
Air Traffic Services anailís ar chumas an chórais rúidbhealaigh atá ann faoi láthair, agus tá clár bearta á chur i bhfeidhm le
deimhniú go bhfuil bainistiú na nósanna imeachta agus na bpróiseas i gcóras rúidbhealaigh Aerfort
Bhaile Átha Cliath ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta is fearr.
Cuireadh dromchla nua ar an rúidbhealach gearr 11/29 le déanaí le
go mbeadh aerárthaí beaga in ann é a úsáid, agus is féidir tuilleadh
úsáide a baint as. Ba chóir go sásódh na bearta seo an
t-éileamh go dtí thart ar 2010 nuair a sháróidh an t-éileamh acmhainn
an aerfoirt. Ag an bpointe seo beidh rúidbhealach nua ag teastáil nó cuirfear srianta
ar fhás an aerfoirt sa todhchaí.
I 2001 spreag cur i bhfeidhm fhadú an chríochfoirt agus tionscadal bainteach eile measúnú ar na roghanna forbartha ar fad atá ar fáil don aerfort, óir aithníodh nárbh fhéidir le forbairt incriminteach éileamh a shásamh níos mó. Aithníodh freisin nárbh fhéidir réiteach ar cheann amháin de na saincheisteanna seo inti féin dul i bhfeidhm go sásúil ar na h-idirghabhálacha casta idir aerpháirc, limistéir chríochfoirt, áiseanna tuirlingthe agus bailithe ag an gcolbha, iompar ar talamh, páirceáil carr agus iompar ar talamh taobh amuigh den aerfort.
Agus plean forbartha á ullmhú do Aerfort Bhaile Átha Cliath ba é an príomhchuspóir comhthéacs nó creat a chur ar fáil a bhféadfadh forbairt an aerfoirt sa fiche nó tríocha bliain atá le teacht dul ar aghaidh laistigh díobh.
Chuir an máistirphróiseas pleanála, a cuireadh i gcrích
le trí bliana anuas, leis an obair a rinneadh sna pleananna roimhe sin,
scrúdaigh sé na roghanna réadúla uile ó thaobh forbairt an aerfoirt de
agus bhunaigh creat láidir measúnaithe. Ghlac na páirtithe leasmhara uilig páirt sa chomhairliúchán
mar chuid den phróiseas seo.
Mar chuid den phróiseas pleanála cuireadh roghanna eile
san áireamh, lena n-áirítear Baile Dónaill, Baile Mhic Gormáin, aerfoirt Éireannacha eile agus
láithreán úrnua. Ar chúiseanna éagsúla, ar a n-áirítear ard-dlús, rochtain agus costas, ní raibh
siad oiriúnach. Is le comhlacht an aerfoirt cheana féin an talamh a theastaíonn
don rúidbhealach, agus mar thoradh ar phleanáil éifeachtach coinníodh an limistéar saor ó cheantracha
ard-dlúis, rud a laghdaíonn an tionchar ar chónaitheoirí. Tá an rúidbhealach
comhthreomhar i bplean forbartha an chontae le 30 bliain anuas.
Léiríonn staidéir go gcuireann tairbhe eacnamaíoch an
aerfoirt thart ar 1.3% den olltáirgeacht intíre in aghaidh na bliana go
díreach agus go hindíreach le mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus le hÉirinn ina
hiomláine. Tá 120 comhlacht lonnaithe laistigh de limistéar an aerfoirt a chothaíonn
12,000 post sa láithreán agus 39,000 post ar fud na tíre. 2% den
Fhórsa Náisiúnta Saothair is ea é seo, arb ionann é agus 7% de
phostanna Bhaile Átha Cliath agus 60% de fhostaíocht cheantar Fhine Gall.
Is é an tionchar iomlánach a bheadh ag
rúidbhealach nua ná trácht bhreise aerárthaí agus paisinéirí a éascú, rud a
chuirfeadh 30% sa bhreis le fostaíocht áitiúil réigiúnach agus náisiúnta agus le hioncam
bliantúil.
Tiocfaidh méadú ar thrácht aerárthaí as forbairt agus
úsáid an rúidbhealaigh. Cé go bhféadfadh torann méadaithe dul i bhfeidhm ar
cheantair áirithe, d'fhéadfadh leibhéal an torainn a laghdú i gceantair eile. Déanfar
measúnuithe torainn mionsonraithe a bhainfidh leas as samhaltú ar ríomhaire, agus
sonrófar iad seo sa Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol a chuirfear isteach leis
an iarratas pleanála. Leanfaimid ar aghaidh ag obair le
haerlínte agus soláthraithe rialú tráchta aeir chun tionchar an torainn a laghdú
trí leas a bhaint as nósanna imeachta oibriúcháin feabhsaithe.
Déanfar sonraí faoi chlár inslithe torainn do chónaitheoirí a chur leis an iarratas pleanála. Is léir nach mór d'aon scéim nua a bheith ar a laghad chomh héifeachtach agus chomh cuimsitheach leis an scéim reatha. Tá sé i gceist againn leanúint ar aghaidh ag baint úsáide as comhrian torainn 66 Leq (16 huaire) mar bhunús don chlár inslithe torainn do chónaitheoirí. Tagann sé seo le cleachtas aerfort idirnáisiúnta eile agus leis an scéim reatha chomh maith.
Rachaidh sé i bhfeidhm ar chuid de na gréasáin bóithre in aice leis. Áirítear leis seo athalíniú Bhóthar Forrest laistigh de limistéar an aerfoirt agus dúnadh an bhóthair idir Baile an Huntaigh agus Forrest Little (roimhe seo bóthar R108 a théann anois trí Sheachbhóthar Naomh Maighréad) díreach ó thuaidh de Bhaile an Huntaigh. Chuige seo teastóidh bóthar nua chun Baile an Huntaigh a cheangal le Seachbhóthar Naomh Maighréad ó dheas den rúidbhealach nua agus arís ar thailte ar leis an aerfort iad.
Braitheann leas Aerfort Bhaile Átha Cliath sa todhchaí ar rochtain bhóthair éifeachtach agus áisiúil a bheith ar fáil. Tacaíonn Straitéis Chontae Fhine Gall go dtí 2011 le naisc iarnróid agus meitreo a sholáthar le go mbeadh "córas iompair nua-aimseartha, comhtháite agus inrochtana" ar fáil don réigiún. Faoi láthair tá gréasán leathan seirbhísí bus agus cóiste ag an aerfort a bhfuil réimse ceann scríbe náisiúnta agus áitiúil aige. Leanann Aerfort Bhaile Átha Cliath ar aghaidh ag cur bonneagair fheabhsaithe ar fáil do na seirbhísí seo agus na roghanna go léir ó thaobh an gréasán a fheabhsú agus naisc iarnróid amach anseo a chomhlánú a chur san áireamh. Tá Comhairle Contae Fhine Gall agus an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta ag cur clár feabhsaithe bóthar i bhfeidhm in aice leis an aerfort, rud nach mór a dhéanamh chun rochtain agus iompar poiblí níos fearr a chur ar fáil. Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath ag obair leis chun gréasán bóithre d'ardchaighdeán a fhorbairt le go mbeifear in ann teacht go héasca ar na háiseanna éagsúla. Ar deireadh, chomh maith leis na bearta seo, tá Aerfort Bhaile Átha Cliath ag moladh dá fhostaithe agus d'úsáideoirí an aerfoirt leas a bhaint as na modhanna éagsúla iompair phoiblí nuair is féidir sin, le nach mbeifí ag brath chomh mór ar chairr phríobháideacha agus chun plódú tráchta a laghdú.
Cuirfear córas nua draenála ar fáil don rúidbhealach, agus beidh an uisce dromchla ag dul ag ráta sábháilte go
dtí na cúrsaí uisce taobh amuigh den aerfort atá á úsáid faoi
láthair.
Déanfar caighdeán na huisce a mheas
mar chuid den mheasúnú comhshaoil. Déanfar moltaí maidir le leibhéal cuí na
bainistíochta a theastóidh chun uisce dromchla a dhraenáil ón rúidbhealach nua. Beidh sé
mar aidhm aige seo aon droch-thionchar ag an draenáil seo a laghdú le go
mbeadh caighdeán na huisce inchurtha leis an leibhéal reatha. Déanfar an uisce dromchla
a thanú ar an láithreán agus beidh an ráta doirte ar chomhchéim leis na
rátaí doirte reatha chun aon tionchar ar leibhéil uisce thíos le sruth a
sheachaint.
De réir mar a mhéadaíonn idir líon na bpaisineírí agus líon na n-aerárthaí in Aerfort Bhaile Átha Cliath is ea is mó atá sé de thábhacht a mhéad páirtithe leasmhara agus is féidir a choinneáil ar an eolas faoi thorthaí an fháis sin, agus a dhul i gcomhchomhairle leo. Tá rún daingean ag Aerfort Bhaile Átha Cliath deis a thabhairt dá phobail áitiúla a dtuairimí a chur san áireamh. Creideann Aerfort Bhaile Átha Cliath gur aithnítear go forleathan gurb é próiseas an choiste comhairliúcháin, mar a bunaíodh faoi reachtaíocht na RA é d'aerfoirt níos mó, an próiseas is fearr den chineál sin agus táimid den bharúil go n-oirfeadh sé go maith do riachtanais na bpáirtithe uilig in Éirinn. Mar sin tá sé i gceist ag Aerfort Bhaile Átha Cliath anois coiste comhairliúcháin a bhunú faoi chathaoirleach neamhspleách.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin rúidbhealach nua 10L/28R, déan teagmháil linn ag:
Fón: (01) 814 4130
ríomhphost: runway@dublinairport.com
Secondary Content Navigation: