Top Level Content Navigation:
Tá réamhobair tógála tosaithe ar Phiara D cheana féin, agus cuirfidh an struchtúr dhá stóir 15,000 méadar cearnaithe 14 seastán aerárthaí nua ar fáil d'Aerfort Bhaile Átha Cliath. Bainfear úsáid as tolglann tosaigh sealadach le linn an chláir tógála atá le bheith críochnaithe faoi Mheán Fómhair 2007.
Tá an piara nua deartha ag na hailtirí cáiliúla idirnáisiúnta Skidmore Owings Merrill agus beidh sé 257 méadar ar fhad agus 26.5 méadar ar leithead. Beidh 12 tolglann geata agus tolglann tiomnaithe do ghnó aige, chomh maith le limistéir ar leith teachta agus imeachta. Beidh paisinéirí in ann leas a bhaint as trí cinn de áiseanna speisialta miondíola agus bialainne.

Secondary Content Navigation: