Top Level Content Navigation:
Is ceann de na cláir bonneagair is mó sa Stát é an Clár Forbartha Caipitil ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus claochlóidh an clár tógála de chostas €1.2 billiún Aerfort Bhaile Átha Cliath thar tréimhse cúig bliana ag tosú i 2006. Tá an clár forbartha ag freagairt don mhéadú ollmhór i líon na bpaisinéirí agus lasta ag an aerfort le deich mbliana anuas.
Táthar ag súil go sroichfear 20 milliún paisinéir i 2006 agus tá sé tuartha go leanfar leis an dtreocht ardaitheach seo in éileamh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath; teastóidh forbairt ar áiseanna nua chun déileáil leis an bhfás seo. Cuimsíonn an clár forbartha críochfort paisinéara nua a thógáil, Críochfort 2, dhá phiara nua, D agus E, agus fadú ar Phiara A atá ann cheana féin.
I measc na bhforbairtí eile, tá limistéar cláraithe nua san íoslach (Limistéar 14) i gCríochfort 1 (chomh maith le feabhsúcháin eile suntasacha don gcríochfort). Cuimseoidh an clár chomh maith forbairt naprúin agus forbairtí gaolmhara, bealaí amach gasta nua do thacsaithe agus seastáin aerárthaigh. Tógfar bonneagar bóithre agus carrchlóis nua chomh maith.
Tá foireann thionscadail Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath á stiúradh ag Mark Foley, an Stiúrthóir DAA ar Chláir Chaipitil. Tá pleanáil straitéiseach an chláir forbartha caipitil á bhainistiú ag Turner & Townsend, cuideachta aitheanta idirnáisiúnta de bhainisteoirí tionscadail.
Is faoi chuideachta Laing O'Rourke atá lonnaithe sa RA a bheidh an cúram Piara D a thógáil agus is faoi chomhairleoirí le hardtaithí idirnáisiúnta, Ove Arup, i gcomhar le hailtirí Pascall & Watson, a bheidh an cúram Críochfort 2 a dhearadh. Feidhmeofar an clár forbartha go céimneach de réir amlíne sceidealta cúramach chun míchaoithiúlacht ar oibríochtaí laethúla Aerfort Bhaile Átha Cliath a íoslaghdú.
| Tionscadal | Dáta Seachadta |
|---|---|
| Cóistechlós Nua | 2006 |
| Seastáin Pháirceála Aerárthaí | 2006/2009 |
| Tolglann Tosaigh Sealadach | 2006 |
| Clárú san Íoslach (Limistéar 14) | 2006 |
| Piara D | 2007 |
| Fadú Thuaidh do Críochfort 1 | 2007/2008 |
| Críochfort 2 | 2009 |
| Piara E | 2009 |
| Colbhaí Nua agus Rampaí Rochtana | 2009 |
Fadú Piara B |
2010/2011 |
| Gréasán Bóithre Inmheánach | 2010/2011 |
Secondary Content Navigation: