Change language: English »

About Us

Cúlra

Thosaigh sé ar fad ag 9.00 r.n. an Déardaoin 19 Eanáir, 1940. Osclaíodh go hoifigiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath nuair a d'fhág aerárthach Lockheed 14 de chuid Aer Lingus Baile Átha Cliath, agus aghaidh á tabhairt aige ar Learpholl. Ní raibh ach eitilt amháin sa ló go Learpholl as Aerfort Bhaile na gCailleach, mar a tugadh air ag an am, difriúil ó imeachtaí gnóthacha an lae inniu, 66 bliain ina dhiaidh sin in Aerfort Bhaile Átha Cliath, ag freastal ar bhreis is 60,000 paisinéirí gach lá.


Tá go leor gaiscí bainte amach ag an aerfort ó d'oscail sé an chéad lá riamh. Thosaigh pleanáil agus forbairt i ndeireadh na 30í ar fhoirgneamh críochfoirt agus ar rúidbhealaí féir ag suíomh Bhaile na gCailleach. Ba é Desmond Fitzgerald ailtire fhoirgneamh nua an chríochfoirt, deartháir níos sine leis an iar-Thaoiseach, an Dr. Garret Fitzgerald. Dearadh an foirgneamh cuarach mar aithris ar na línte ar dhroichead línéir mhóir, agus is iomaí gradam ailtireachta a bhain sé amach as an dearadh. Dearadh an chéad fhoirgneamh críochfoirt sin, ar a dtugtar an Seanfhoirgneamh Críochfoirt Lárnach (OCTB) anois, chun freastal ar dhíreach 100,000 paisinéir in aghaidh na bliana. Úsáidtear cuid den chríochfort sa lá atá inniu ann le haghaidh oibríochtaí paisinéirí laethúla. Tá go leor de ghnéithe deartha inmheánacha an fhoirgnimh coinnithe mar chuimhne ar na chéad laethanta eitlíochta sin a bhí ciúin socair.


Bhí Aerfort nua Bhaile na gCailleach (Aerfort Bhaile Átha Cliath) sách ciúin le linn na 40í nuair a bhí an cogadh faoi lánseol san Eoraip. Mar sin féin, lean Aer Lingus ag cur seirbhíse chuig Learpholl faoi dhó sa tseachtain. Éilíodh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath le linn na tréimhse sin aird a thabhairt ar lánmhúchadh a rinneadh ag an aerfort le linn bhlianta an chogaidh, agus i Márta 1941 iarraidh ar shiopa ilranna Cleary 2,200 slat d'ábhar múchta a sholáthar d'fhoirgneamh an chríochfoirt.   


Faoin mbliain 1947 ab ea a chuaigh eitiltí a bhí ag imeacht as Baile Átha Cliath chomh fada leis an Eoraip, agus chuir aerlíne na hOllainne KLM tús lena céad seirbhís ilchríochach go Baile Átha Cliath. Tugadh rúidbhealaí coincréiteacha nua chun críche i 1948; agus i 1950, i ndiaidh deich mbliana i mbun oibre, bhí 920,000 paisinéirí tar éis úsáid a bhaint as an aerfort. Tá beagán os cionn 230 milliún paisinéirí bailithe trí Aerfort Bhaile Átha Cliath ó d'imigh an chéad eitilt sin i 1940.


Ba léir laistigh de chúpla scór bliain eile go raibh a chumas sáraithe go maith ag an gcéad fhoirgneamh críochfoirt. Cuireadh tús leis an obair ar fhoirgneamh nua i 1971 chun freastal ar shé mhilliún paisinéirí in aghaidh na bliana. Tá leathnú agus forbairt déanta ar an aerfort ó shin i leith le piaraí nua, síneadh curtha le foirgneamh an chríochfoirt, rúidbhealach nua, agus bealaí tacsaithe chun freastal ar an éileamh níos mó ná riamh atá ar aerthaisteal.
Tá baint ag Aerfort Bhaile Átha Cliath anois le clár forbartha capitil €1.2 billiún, agus leis sin tógfar an dara críochfort nua faoi 2009 chomh maith le roinnt piaraí nua agus mórfheabhsúcháin ar an gcríochfort atá ann cheana.