Top Level Content Navigation:
Fáilte chuig an gcuid seo dár suíomh gréasáin atá deartha go sonrach chun eolas cothrom le dáta a sholáthar duit faoin rúidbhealach nua atá molta ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Tabharfaidh an mhír seo eolas duit ar na gnéithe a bhaineann le riachtanas, sonraíochtaí, páirteachas an phobail agus gnéithe comhshaoil den rúidbhealach nua i measc rudaí eile.
Teastaíonn infheistíocht i rúidbhealach nua ag Aerfort Bhaile Átha
Cliath chun freastal ar an éileamh atá ag dul i méid ar thaisteal amach as
Éirinn agus go hÉirinn. Cé go bhfuilimid ag obair go crua lenár bpáirtithe i
Rialú Tráchta Aeir agus leis na haerlínte chun ár gcumas rúidbhealaigh reatha a
uasmhéadú, is léir go sáróidh an t-éileamh an soláthar laistigh de dheich
mbliana. Maidir leis sin chuir Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath iarratas
pleanála isteach chuig Comhairle Contae Fhine Gall i mí na Nollag 2004 le
haghaidh rúidbhealach comhthreomhar nua, a chuirfidh ar chumas an aerfoirt
freastal ar os cionn 30 milliún paisinéirí in aghaidh na bliana.
Teastaíonn an infheistíocht sin i saoráidí ag an aerfort chun freastal ar an
éileamh méadaithe atá ar aerthaisteal in Éirinn agus chun Aerfort Bhaile Átha
Cliath a choinneáil ar chomhchéim leis na haerfoirt is mó fáis ar fud an
domhain.

Secondary Content Navigation: