Change language: English »

About Us

Torann Aerárthaí

Is féidir le torann de chineál ar bith a bheith ina cheist an-phearsanta agus an-suibiachtúil.   Is féidir le torann a bheith ag cur isteach ar dhuine amháin nach gcloisfeadh duine eile ar chor ar bith.   Sa bhaile agus ag an obair, is minic a chloisimid torann ó fhoinsí éagsúla, mar shampla, córais aerála nó teasa nach dtugann muid faoi deara mórán mar gheall go bhfuilimid i gcleachtadh air nó mar gheall nach bhfuil aon ghnéithe suntasacha faoi.  Aithníonn ár n-éisteacht faisnéis sna fuaimeanna a chloisimid.  Sainítear faisnéis nach dteastaíonn uainn nó nach bhfuilimid ag iarraidh mar thorann, agus is iad na gnéithe den torann sin a chuireann orainn éisteacht agus aird a thabhairt ná toin nó athruithe sna leibhéil fuaime.

Ag labhairt dúinn faoin Aerfort féin, is ceist shuntasach, ní nach ionadh, atá i dtorann aerárthaí do chuid de na pobail chomharsanaigh.    Is dúshlán leanúnach é do Aerfort Bhaile Átha Cliath, mar aon le gach aerfort atá chomh mór leis, teacht ar an meá is feiliúnaí idir riachtanais aerfoirt atá fás faoi atá ina lárionad iompar tábhachtach i gcomhair na milliúin taistealaithe gnó agus fóillíochta agus riachtanais na gcomharsan cónaithe is gaire dúinn.

Tá an eagraíocht eitlíochta The International Civil Aviation Organisation (ICAO) tar éis tacú le coincheap an Treoir AE 2002/30/EC de "cur chuige meáite" i leith bainistíochta torainn aerárthaí. Tá ceithre phríomh-chuid a bhaineann le maolú leibhéil torainn ag aerfoirt i gceist sa chur chuige seo .

Is iad seo:

  • Laghdú an torainn ag an bhfoinse  (aerárthaí níos ciúine)
  • agus pleanáil agus bainistíochta úsáide,
  • nósanna imeachta feidhmiúcháin laghdaithe torainn
  • agus srianta oibriúcháin..

Tomhaistear torainn aerárthaigh i deicibeilí, ar a dtugtar dB freisin. Tá scairdeitleáin nua-aimseartha foshonach 30 dB níos ciúine ná an chuid a bhí ann rompu, a bhí timpeall an méid céanna. Ós rud é go bhfuil laghdú fuaime de 10 dB cothrom le timpeall leath a dhéanamh den méid torainn a thugtar faoi deara, tá an forbairt teicneolaíochta seo cothrom le laghdú de timpeall 90% sa torann a thugtar faoi deara. Tá gach aerárthach a fheidhmíonn ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ag cloí le caighdeáin reatha ICAO agus de réir mar a fhaightear réidh de réir a chéile le haerárthaí níos sine sa ghearrtéarma beidh cúrsaí ag feabhsú tuilleadh. 

Tá an fhreagracht i gcomhair nósanna imeachta laghdaithe fuaime ag Aerfort Bhaile Átha Cliath  á roinnt ag an Aerfort féin, Údarás Eitlíochta na hÉireann agus na haerlínte a oibríonn ag an Aerfort. 

Mar aitheantas ar a fhreagrachtaí sa réimse seo, tá Aerfort Bhaile Átha Cliath tar éis roinnt tionscnamh a thabhairt isteach chun monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil torainn aerárthaí agus a dtionchar a laghdú, agus tá sé á measúnú go leanúnach.

Is é an príomhchuspóir atá ag roinn rianta eitilte agus torainn Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath ná eolas a bhailiú ar bhealaí isteach agus bealaí imeachta aerárthaí agus na leibhéil torainn ag roinnt príomh-shuíomh mar thoradh air. Sa chomhthéacs seo,   tá Aerfort  Bhaile Átha Cliath tar éis €1 milliún a infheistiú in insealbhú Chóras Monatóireachta Rianta Eitilte agus Torainn.  Ceannaíodh an córas monatóireachta rianta eitilte agus torainn ó Bruel & Kjaer i gCopenhagen, sa Danmhairg, agus tá sé comhdhéanta as ceithre Theirminéil Monatóireachta Torainn a dhéanann rianú agus taifead ar theacht agus imeacht aerárthaí atá lonnaithe ag:

  • Balcultry ag déanamh monatóireachta ar rúidbhealach 34
  • Ard Aighin ag déanamh monatóireachta ar rúidbhealach 16
  • Bay Lane ag déanamh monatóireachta ar rúidbhealach 28
  • Bóthar an Chósta ag déanamh monatóireachta ar rúidbhealach 10