About Us

Córais Uisce

Tá ceithre chóras uisce dhifriúla ar leith sa cheantar Chórais Uisce ar cuid gach ceann acu den Timthriall Hidreolaíoch níos fairsinge, ach ó thaobh cineáil agus feidhme de, tá déantús difriúil acu ar fad.  Mar sin, is córais dhifriúla ar leith iad agus teastaíonn modhanna difriúla monatóireachta agus bainistíochta uathu dá bharr.  Is iad na córais seo ná:

  1. An Córas Draenála Uisce Dromchla 
  2. An Córas Bailithe Eisiltigh 
  3. An Córas Stórála agus Dáilte Uisce Inólta 
  4. Linnte Screamhuisce

An Córas Draenála Uisce Dromchla

Tá cúig abhann ann a bhfuil craobhaibhneacha acu a n-éiríonn ar shuíomh gníomhach an aerfoirt. Éiríonn sruthán eile níos faide anonn agus téann sé tríd shuíomh an Aerfoirt ar a bhealach soir chun na farraige.  Tar éis an t-aerfort a fhágáil, tagann na sé shruthán seo le chéile ina dtrí abhainn (an Bhualchomhla, an Mhaighean agus an Seantrabh) a shileann isteach san fharraige i bPort Mearnóg, i mBaile Dúill agus i Ráth Eanaigh, faoi seach.

Déantar sampláil agus anailís rialta faoi mar a leagtar amach do nósanna imeachta atá sainmhínithe i gCóras Bainistíochta Timpeallachta Aerfort Bhaile Átha Cliath.  Tógtar samplaí ó na srutháin in áiteanna ar leith agus seoltar iad chuig saotharlann chreidiúnaithe le go ndéantar anailís cheimiceach orthu.  Cuirtear na leibhéil tiúchana a aimsítear i gcomparáid leis na spriocleibhéil a comhaontaíodh le Comhairle Contae Fhine Gall.  Tá teacht ag Rannóg Draenála Chomhairle Contae Fhine Gall agus oibreoirí an aerfoirt ar na torthaí tríd an gCoiste Srianta Truaillithe, le go n-athbhreithneofar cleachtais agus nósanna imeachta agus le go gcomhaontófar bearta más gá.

Déantar scóip an chláir ghnáthmhonatóireachta seo a athbhreithniú go leanúnach.  Cuireadh anailís gliocóil agus monatóireacht ar inveirteabraigh bhitheolaíocha leis na paraiméadair i 2005 (mar fhorlíonadh ar mhonatóireacht ar BOD, COD, TOC, pH, SS, tiúchain iomlána Amóinia, Fosfáite, agus Ortafhosfáite).  Féach leat an Gluais [hyperlink] le haghaidh shainmhíniú na dtéarmaí seo.

I measc na srianta ar thruailliú a chuirtear i bhfeidhm faoi láthair tá feabhsú cleachtais oibriúcháin; tuairisciú pras ar eachtraí agus an gníomhú leasúcháin chuí; monatóireacht leanúnach; bunda curtha ar umair stórála; gairis idircheapóra ar phíobáin draenála a scaoileann sna cúrsaí uisce; gaibhniú saoráidí ar eochairshruthanna.

Tá Údarás Aerfort Átha Cliath ag obair faoi láthair le háiseanna monatóireachta a shuiteáil ar eochairshruthanna Aerfort  Bhaile Átha Cliath le go mbeidh teacht ar eolas leanúnach maidir le saintréithe sreafa agus cáilíochta, .i., taifead leanúnach, agus i dtreo is go mbeifí in ann gníomhú ar an toirt i gcás dialltaí ó thaobh caighdeáin de, d'fhonn cosaint na gcúrsaí uisce a chinntiú.

An Córas Bailithe Eisiltigh

Clúdaítear eisilteach as Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi cheadúnais Údarás Áitiúil d'Údarás Aerfort Átha Cliath agus déanfaimid monatóireacht de réir na gceadúnas sin.  Is é ÚABÁC atá freagrach as cothabháil an infreastruchtúir bhailithe.  Faoi láthair, eisíonn Comhairle Contae Fhine Gall Ceadúnais Eisilteach Trádála díreach go hoibreoirí uilig Aerfort Bhaile Átha Cliath a ghineann eisilteach trádála (m.sh., ionaid lónadóireachta, gníomhaíochtaí cothabhála agus olldeisiúcháin).  Ní ghineann Údarás Aerfort Átha Cliath eisilteach trádála agus dá bharr ní theastaíonn ceadúnas dá leithéid uaidh faoi láthair.  Téann eisilteach  ó shuíomh Aerfort Bhaile Átha Cliath isteach i Séarach nua an Imill Thuaidh, agus ar aghaidh chuig an Ionad nua Cóireála sa Rinn, áit a gcóireáiltear é.

Uisce Inólta

Tá taiscumar 2 mhilliún galún á choinneáil ag Údarás Aerfort Átha Cliath ar an suíomh, é á sholáthar ó phríomhlíonra uisce an Údaráis Áitiúil.  Cóireáiltear an t-uisce go háitiúil ansin (ag láidriú dhíghalrú iarmharach) roimh a dháilte ar fud an tsuímh.  Tá úsáid an uisce faoi mhéadar agus déantar monatóireacht ar an gcaighdeán de réir na Rialachán um Uisce Óil.

Linnte Screamhuisce

Forbraíodh samhail hidreagheolaíoch ar shuíomh Aerfort Bhaile Átha Cliath agus tá an chéad chéim eile sa staidéar seo á hullmhú anois (.i., taighde ionsáiteach d'fhonn saintréithe cáilíochtúla agus cainníochtúla a aimsiú).