Top Level Content Navigation:
Tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath ag cur leis an monatóireacht aeir a rinneadh cheana féin ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ag leathnú ár gclár chun ár dtuiscint ar threochtaí an chaighdeán aeir thimpeallaigh áitiúil ar gach taobh den aerfort a mhéadú céim ar chéim. Is í an chúis atá leis an monatóireacht aeir ná ‘súil éisteachta’ a choinneáil ar chaighdeán an aeir thimpeallaigh áitiúil, agus gníomhú go cuí agus taobh istigh de thréimhse ama feiliúnach má bhíonn agus nuair a bhíonn gá leis.
Leathnaíodh scóp an chláir mhonatóireachta i 2005 chun aon cheann déag de shuíomhanna tástála taobh istigh de agus timpeall ar Aerfort Bhaile Átha Cliath a chlúdú, agus anailís a dhéanamh ar na paraiméadair ar dhócha iad a bheith bainteach le gníomhaíochtaí eitleoireachta (.i. Ocsáidí Nítrigine NOx, Dé-ocsaíd Sulfair SOx, Cáithníní PM10, BTEX, Aonocsaíd Carbóin CO – déan tagairt don Ghluais [hípearnasc]). Tugadh paraiméadair bhreise isteach i rith samhradh 2005 - PM2.5 agus Ózón. Tugann sé seo pictiúr comhtháite de na héagsúlachtaí spásúlachta agus ama de chaighdeán an aeir thimpeallaigh timpeall na háise. Déantar na torthaí a mheas i gcomhar le sonraí méitéareolaíoch ó Met Éireann agus staitisticí ar ghluaiseachtaí aerárthaí. Déantar athbhreithniú ar thuarascálacha coimheasaithe go ráithiúil agus cuirtear figiúirí bliantúlaithe i gcomparáid leis na caighdeáin ábhartha agus le reachtaíocht AE.
Bíonn an Roinn Comhshaoil i mbun idirchaidrimh leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir le torthaí na monatóireachta seo agus tá sí ag obair i gcomhar leis an ngníomhaireacht chun stáisiún monatóireachta leanúnach um chaighdeán aeir a thabhairt isteach.
Secondary Content Navigation: