About Us

An Comhshaol

Is é an cur chuige atá againn gnó inbhuanaithe a fhorbairt agus a fheidhmiú ag teacht le ceanglais rialála, le dea-chleachtais bhainistíochta, agus a bheith mothálach don phobal áitiúil agus d'ábhair imní an phobail.

Tugann an t-aerfort tacaíocht d'fhorbairt eacnamaíochta agus do riachtanais shóisialta na sochaí, agus chun 'Forbairt Inbhuanaithe' a chomhlíonadh, caithfidh sé feidhmiú agus forbairt ar bhealach atá sábháilte don chomhshaol. Bainteach leis sin tá:

  • maolú ar na héifeachtaí a bhíonn ag oibríochtaí ar na córais éiceolaíochta áitiúla agus ar an timpeallacht;
  • feidhmíocht chomhshaoil oibritheoirí agus gníomhaíochtaí ar fad ar an suíomh a fheabhsú;
  • na gnáthóga agus taitneamhachtaí laistigh den aerfort, timpeall air agus aniar ón aerfort a chosaint agus cosc a chur ar thruailliú.

D'fhonn freastal ar éilimh na forbartha inbhuanaithe, agus chun cosaint an chomhshaoil nádúrtha a fheabhsú go leanúnach, táimid tar éis tabhairt faoi Chlár Comhshaoil cuimsitheach. Tá sé dírithe ar chleachtais chomhshaoil a fheabhsú agus cosc a chur ar thruailliú in Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus tá sé bunaithe ar na saincheisteanna comhshaoil seo a leanas:

Baintear amach an Clár Comhshaoil seo le pleanáil chuimsitheach a dhéanamh ar an aerfort. Tagann sé leis an reachtaíocht pleanála agus forbartha a cuireadh i bhfeidhm le déanaí, chomh maith le reachtaíocht cosanta timpeallachta i gcomhthéacs réigiúnach, áitiúil agus eitlíochta. Tá infheistíocht déanta againn i réimse cuimsitheach clár monatóireachta ar fud an aerfoirt.  Is trí mhonatóireacht a dhéanamh ar an gcomhshaol amháin is féidir linn ár gcuid próiseas a bhainistiú, agus na héifeachtaí a bhíonn ag gníomhaíochtaí sna meáin agus sna céimeanna idircheangailte a thomhas.

Déantar comhordú ar an eolas sin tríd an gCóras Bainistíochta Comhshaoil a thugann sainaitheantas do réimsí feabhsúcháin trí phróiseas 'Pleanáil-Déan Monatóireacht-Déan-Seiceáil-Athbhreithnigh'.  Tá an Córas Bainistíochta Comhshaoil mar bhonn taca agus na saincheisteanna comhshaoil éagsúla ar dóigh a thiocfaidh chun cinn á bainistiú i suíomh coimpléascach (chomh mór le baile) mar Aerfort Bhaile Átha Cliath

Is aerfort mór é Aerfort Bhaile Átha Cliath a chlúdaíonn dhá mhíle go leith acra talún i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.  D'iompair oibríocht an aerfoirt 18.4 milliún paisinéir i 2005 amháin.  Ag glacadh leis na hoibríochtaí casta a theastaíonn chun tacú le haer-thaisteal ar shuíomh chomh mór sin, is gealltanas dúshlánach é bainistiú a dhéanamh ar na próisis chun an comhshaol a chosaint - agus tá Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath meáite chun an dúshlán sin a chomhlíonadh, agus feictear é mar dheis chun iarrachtaí suntasacha a dhéanamh ó thaobh chosaint an chomhshaoil de .

Is é ár dtiomantas an comhshaol a chosaint agus feidhmiú ar bhealach inbhuanaithe cothrom (seirbhís atá ag teastáil a sheachadadh gan teacht salach ar an gcomhshaol).

Is í ár n-aidhm seirbhís custaiméirí a fheabhsú agus feabhsúcháin a bhaint amach ag an am céanna i bhfeidhmíocht chomhshaoil - ar bhonn áitiúil agus réigiúnach.