Change language: English »

About Us

Ceisteanna Coitianta

1. Cé mhéad paisinéir a láimhseálann Aerfort Bhaile Átha Cliath gach bliain?

Cuirfidh Aerfort Bhaile Átha Cliath fáilte roimh os cionn 20 milliún paisinéir i 2006.

2. Cé hiad na haerlínte is mó a fheidhmíonn as Aerfort Bhaile Átha Cliath?

Tá os cionn 88 aerlíne a fheidhmíonn as Aerfort Bhaile Átha Cliath. Is iad na cinn is mó ná Aer Lingus, Ryanair agus British Midlands.  I measc na gceann eile tá Aer Árann, Futura, Lufthansa agus SAS.

3. Cé mhéad ceann scríbe ar a bhfreastalaíonn Aerfort Bhaile Átha Cliath?

Freastalaíonn Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi láthair ar os cionn 150 ceann scríbe, bealaí sceidealta is ea 122 díobh sin.

4. Cad iad na cinn scríbe is mó a bhfuil tóir orthu as Aerfort Bhaile Átha Cliath?

Is é Londain an ceann scríbe idirnáisiúnta is mó a bhfuil tóir air, le 4.5 milliún paisinéirí gach bliain.  Is é sin an bealach idirnáisiúnta sceidealta is cruógaí san Eoraip. I measc na gceann eile tá Páras,  Manchain, Nua-Eabhrac Birmingham, Amstardam agus Frankfurt.

5. Cé mhéad duine a oibríonn ag Aerfort Bhaile Átha Cliath?

Soláthraíonn Aerfort Bhaile Átha Cliath fostaíocht do thart ar 13,000 duine in os cionn 120 cuideachta. Tá os cionn 1900 fostaithe go díreach ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath.