About Us

Aerfort Bhaile Átha Cliath le bheith ina Aerfort Comhordaithe

Rangaítear Aerfort Bhaile Átha Cliath mar aerfort le 'Sceidil Éascaithe' faoi láthair. Is é sin le rá go ndéantar socruithe deonacha idir na haerlínte agus an comhordaitheoir neamhspleách, Airport Coordination Ltd., maidir leis na hamanna tuirlingthe agus eitilte do gach aerárthach a bhíonn ag úsáid an aerfoirt.

Do Shamhradh 2007, beidh Aerfort Bhaile Átha Cliath ina aerfort comhordaithe agus beidh ar  an gcomhordaitheoir neamhspleách sliotáin a dháileadh ag an aerfort, suas le teorainneacha acmhainne oibriúcháin comhaontaithe an aerfoirt ach gan dul tharstu . In aerfoirt chomhordaithe, níl aon rogha ag aerlínte ach na sliotáin a dháileann an comhordaitheoir neamhspleách orthu a úsáid.

Agus é ag fáiltiú roimh an bhfógra ó CAR, dúirt Stiúrthóir an Aerfoirt, Robert Hilliard "Is nuacht mhaith é seo d'Aerfort Bhaile Átha Cliath agus is céim fhíor-dhearfach é do phaisinéirí, mar tá aerfoirt chomhordaithe in ann reáchtáil níos fearr a dhéanamh ar bhuaic-amanna tuirlingthe agus eitilte aerárthaí, agus mar sin laghdaíonn sé an brú a bhíonn ar áiseanna paisinéirí ag buaicthréimhsí."
 
Críoch
 
Chun faisnéis a fháil:
Vincent Wall
01  8144107
087 6860727 
12 Feabhra, 2007