Top Level Content Navigation:
Thaisteal níos mó ná 1.5 milliún paisinéir trí Aerfort
Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra 2007, sin méadú 14% ar an mí chéanna anuraidh de
réir figiúirí a d'eisigh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Tháinig ardú 34% ar thrácht ó/ go dtí Mór-Roinn na hEorpa le breis agus
710,000 paisinéir ag taisteal i mí Feabhra.
Thaifead trácht RA laghdú
beag de 2% i mí Feabhra ’07 le beagnach 640,000 ag taisteal in earnáil an
bhealaigh seo.
Thaisteal breis agus 65,000 paisinéir ar bhealaí intíre
ó/go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath, sin méadú 14% ar an mí chéanna anuraidh
agus tháinig laghdú 2% ar líon na bpaisinéirí ag taisteal ó/go dtí Meiriceá
Thuaidh le breis agus 67,000 paisinéir ag taisteal chuig na Stáit
Aontaithe.
Tháinig ardú 43% ar thrácht paisinéirí idirnáisiúnta
eile chuig an Meán-Oirthear (Dubai agus Bairéin), tuaisceart na hAfraice (Sharm
El Sheik) agus Meiriceá Theas(Capetown) le breis agus 18,000 paisinéir ag
taisteal chuig na cinn scríbe sin i mí Feabhra..
D'éascaigh Aerfort
Bhaile Átha Cliath 2.9 milliún paisinéir le linn mhí Eanáir agus mhí Feabhra,
sin méadú 12% ar an tréimhse chéanna in 2006.
Déileáladh le 328,000
paisinéir breise ag an aerfort sa chéad dá mhí den bhliain seo.
Críoch
12 Márta, 2007
Chun tuilleadh eolais a fhail, téigh i
dteagmháil le: Siobhán Moore – 087-2710065
Secondary Content Navigation: