About Us

Fáiltíonn Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath roimh Chomhaontú na Spéartha Oscailte

Is mór ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (UAB) cinneadh Airí Iompair an AE i dtaobh na “Spéartha Oscailte” a fógraíodh ar maidin inniu.

Is mó fós dá bharr an tábhacht atá ann go gcríochnófaí aerstaísiún paisinéirí nua UAB (“T2”) in Aerfort Bhaile Átha Cliath as seo go ceann trí bliana, agus rúidbhealach nua go gearr ina dhiaidh sin.

Tá gach ceann de na tionscadail mhóra infreastruchtúir iompair seo ag staid an achomhairc sa phróiseas pleanála. Ní foláir go gcuirfear ar fáil iad in am trátha le go mbeidh d’acmhainn ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, ó thaobh paisinéirí agus aerpháirce de, riaradh ar an trácht breise cianaistir a ghinfidh na Spéartha Oscailte.


Gné thábhachtach amháin de T2 is ea an tsaoráid nua Customs and Border Protection (CBP) (Custam agus Cosaint na Teorann) de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá a chuirfidh ar chumas paisinéirí atá ag imeacht as Aerfort Bhaile Átha Cliath dul trí chustam na Stát Aontaithe roimh dhul ar bord eitleáin dóibh. Beidh an tsaoráid chéanna le fáil in Aerfort na Sionainne ach ní bheidh a chomhshamhail le fáil in aon aerfort eile san Eoraip, rud is dócha a ghinfidh breis tráchta thrasatlantaigh idir Éire agus na Stáit Aontaithe.