About Us

Trácht Paisinéirí ar Saoire Bainc Lá Fhéile Pádraig

Táthar ag súil le breis is 330,000 paisinéir trí Aerfort Bhaile Átha Cliath le linn deireadh seachtaine na Féile Pádraig seo ón Aoine 16 - Dé Luain 18 Márta, 2007.

Rachaidh os cionn 2,100 eitilt isteach agus amach as an aerfort le linn an ama sin lena n-áirítear breis is 200 eitilt cairte chuig cinnscríbe gréine agus sciála i rith an Gheimhridh.  Ina measc seo freisin beidh 16 eitilt cairte a fhágfaidh ar an Aoine 16ú Márta le dhul chuig an Iodáil do chluiche Rugbaí 6 Náisiún na hÉireann.

Moltar go láidir do phaisinéirí na Rialacháin Slándála AE maidir le leachtanna a léamh SULA DTÉANN siad chuig an aerfort.  Tá sonraí faoi na rialacháin sin le fáil ar www.dublinairport.com.

Meabhraítear arís eile do phaisinéirí gach rud géar a bhaint amach as a mbagáiste láimhe agus iad a phacáil sa bhagáiste cláraithe.

Beidh daoine breise ag obair le foireann cúram custaiméirí  Aerfort Bhaile Átha Cliath ar fud fhoirgneamh an chríochfoirt le linn an deireadh seachtaine. Beidh léinte póló ar dhath bándearg á chaitheamh acu agus cuideoidh siad le paisinéirí a bheidh ag dul trí shlí dála na n-imeachtaí, ag an limistéar scagtha slándála agus tabharfaidh siad cúnamh le hord a choinneáil ar scuainí aerlíne ag deasca cláraithe.

Críoch
15 Márta 2007

I gcomhair tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le: Siobhán Moore - 087.2710065