Top Level Content Navigation:
Nochtaigh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath an deasc cláraithe is nuaí san
aerfort go hoifigiúil inniu, Dé Céadaoin, 4 Aibreán 2007.
Léiríonn
Limistéar Cláraithe 14 an chéad phíosa ollmhór d'acmhainn bhreise a bheidh ag
paisinéirí a úsáideann T1. Tá thart ar cheathrú den spás atá san
Urlár Imeachta reatha ag Limistéar 14 agus é os cionn 1,000 méadar
cearnach.
Tá an tsaoráid nua seo in ann suas le 4 milliún
paisinéir a láimhseáil in aghaidh na bliana agus maolóidh sé an plódú go mór ar
an Urlár Imeachta.
Dheimhnigh an DDA freisin gurb é Aer Lingus an t-aon
aerlíne a bhainfidh úsáid as Limistéar 14. Tá sé i gceist ag an aerlíne
beagnach leath dá chuid paisinéirí a bheidh ag imeacht as an aerfort a chlárú
tríd an tsaoráid nua seo i mbliana. I ndiaidh tréimhse trialacha, beidh an
limistéar nua ag feidhmiú go hiomlán in am do bhuaicmhíonna an
tSamhraidh.
Seachadadh an tsaoráid nua in am agus ar bhuiséad a chosain
€15 milliún.
Ag labhairt dó ag seoladh Limistéar 14, dúirt Stiúrthóir
Aerfort Bhaile Átha Cliath, Robert Hilliard “Creidimid go bhfuil saoráid
chláraithe bhríomhar cruthaithe againn a rachaidh i gcion go mór ar
dhaoine. Níl i Limistéar 14 ach an chéad cheann de roinnt tionscadal
suntasach a chuirfidh athrú mór ar an taithí a gheobhaidh paisinéirí ar Aerfort
Bhaile Átha Cliath sna trí bliana amach romhainn.
Osclóidh Piara D, le
12 geata bordála nua i bhFómhar na bliana seo. Táimid ar thóir cead pleanála
faoi láthair chun síneadh a chur le T1 a osclóidh roimh dheireadh na bliana seo
chugainn agus, faoi réir ag cead pleanála, tosófar ag tógáil dara críochfort
paisinéirí an aerfoirt, T2, an samhradh seo agus osclófar é roimh dheireadh
2009."
Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath ag súil le 14.5 milliún paisinéir
idir Aibreán agus mí Dheireadh Fómhair na bliana seo - méadú 7% ar an tréimhse
chéanna i 2006.
Láimhseálfaidh an t-aerfort beagnach 1m paisinéir
breise le linn an tréimhse 7 mhí seo lena n-áirítear 2 milliún paisinéirí sa mhí
idir Bealtaine agus Meán Fómhair. Tá tús curtha cheana féin le
ceithre cinn déag de bhealaí/seirbhísí nua go dtí seo i mbliana, agus táthar
chun tús a chur le 10 eile idir Bealtaine agus Lúnasa.
Thug an DAA cuntas
ar roinnt bearta chun cuidiú leis an líon breise paisinéirí a éascú an Samhradh
seo, mar shampla:
Críoch
4 Aibreán 2007
Nóta an Eagarthóra:
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
Siobhán Moore –
087.2710065
Vincent Wall – 087.6860727
Secondary Content Navigation: