Top Level Content Navigation:
Chuaigh breis is 4.7 milliún paisinéir tríd Aerfort Bhaile
Átha Cliath sa chéad ráithe de 2007, rud a léiríonn méadú 14 faoin gcéad ar an
tréimhse chéanna anuraidh, dar leis na figiúirí a d'eisigh Údarás Aerfort Bhaile
Átha Cliath.
Tháinig méadú 33 faoin gcéad ar thrácht
paisinéirí a bhí ag dul chuig mór-roinn na hEorpa nó ar ais as le os cionn 2.2
milliún paisinéir ag taisteal sa chéad ráithe. D'fhan trácht chuig an RA mórán
mar a chéile sna trí mhí agus chuaigh beagnach 2 milliún paisinéir an bealach
sin. Thaisteal os cionn 190,000 paisinéir ar bhealaí intíre chuig Aerfort Bhaile
Átha Cliath agus ar ais as, sin méadú 11 faoin gcéad ar an mí chéanna anuraidh.
Tháinig méadú 3 faoin gcéad ar líon na bpaisinéirí a chuaigh chuig Meiriceá
Thuaidh agus ar ais as agus chuaigh breis is 240,000 paisinéir chuig na Stáit
Aontaithe.
Tháinig méadú 49 faoin gcéad ar thrácht paisinéirí
idirnáisiúnta eile chuig an Meánoirthear (Dubai agus Bairéin), tuaisceart na
hAfraice (Sharm El Sheik) agus an Afraic Theas (Capetown) agus chuaigh breis is
58,000 paisinéir chuig na háiteanna sin sna chéad trí mhí den bhliain. Thaisteal
breis is 18,000 paisinéir idirthurais freisin trí Aerfort Bhaile Átha Cliath
chuig ceannscríbe idir eitleáin le linn na chéad trí mhí den
bhliain.
D'éascaigh Aerfort Bhaile Átha Cliath 1.7 milliún
paisinéir ar an iomlán le linn mhí an Mhárta amháin, méadú 18 faoin gcéad ar
Mhárta na bliana 2006. Láimhseáladh beagnach 600,000 paisinéir breise ag an
aerfort sna chéad trí mhí den bhliain.
Críoch
10 Aibreán 2007
Secondary Content Navigation: