Top Level Content Navigation:
Táthar ag súil go mbeidh níos mó ná 330,000 paisinéir ag
taisteal trí Aerfort Bhaile Átha Cliath i rith dheireadh seachtaine Saoire Bainc
na Cásca idir Dé hAoine 6 - Dé Luain 9 Aibreán 2007, is é sin, méadú 9% ar an
tréimhse chéanna anuraidh.
Beidh breis agus 2,080 eitilt isteach agus
amach as an aerfort i rith an ama seo, lena n-áirítear 120 eitilt chairte do
lucht saoire ar mhian leo bolg le gréin a dhéanamh i rith shaoire na
Cásca. Is iad na hionaid saoire is mó a bhfuil tóir orthu an deireadh
seachtaine seo ná Las Palmas, Lanzarote, Faro agus mórthír na
Spáinne.
Moltar do phaisinéirí teacht chuig an ionad cláraithe 90
nóiméad ar a laghad roimh am imeachta a n-eitilte.
Ba mhaith
le hAerfort Bhaile Átha Cliath rialacháin Slándála Eitlíochta an AE maidir le
leachtanna a mheabhrú do phaisinéirí. Moltar do phaisinéirí sonraí na
rialachán sin a sheiceáil ar www.dublinairport.com SULA DTÉANN siad
chuig an aerfort.
Meabhraítear do phaisinéirí arís aon rud géar a bhaint
amach as an mbagáiste láimhe. Ba chóir na rudaí sin a phacáil sa bhagáiste
a seiceáladh isteach, agus chomh maith leis sin, ní mór gach ríomhaire glúine a
bhaint ón gcás seachtrach le haghaidh scagtha slándála.
Beidh foirne Chúram Custaiméirí ar dualgas ag Aerfort Bhaile Átha Cliath
an deireadh seachtaine saoire bainc seo. Beidh léinte póló ar dhath
bándearg feiceálacha á chaitheamh acu agus iad ansin chun cabhrú le paisinéirí
trí fhoirgneamh an chríochfoirt.
Críoch
5 Aibreán 2007
Secondary Content Navigation: