Cén fáth a n-eisíonn Ryanair ráitis mhíchruinne arís agus arís eile faoi T2 agus saoráidí paisinéirí eile in Aerfort Bhaile Átha Cliath? Ceist ag UAB
Iarrann Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (UAB) go láidir ar Ryanair éirí as
úsáid a bhaint as faisnéis mhíchruinn mhíthreorach i dtaobh na bpleananna atá
aige an dara aerstáisiún (T2) agus saoráidí eile a thógáil in Aerfort Bhaile
Átha Cliath.
Is é an cheist a chuireann UAB cén fáth a bhfuil Ryanair ag
baint úsáide as faisnéis mhíthreorach le bac nó moill a chur ar thógáil an
infreastruchtúir nua a theastaíonn go géar agus a chuirfidh breis spáis,
compoird agus rogha ar fáil do na paisinéirí. Is iad na paisinéirí agus ní hiad
na haerlínte a íocfaidh as an infreastruchtúr seo, le céatadán beag dá dtáillí
aeir.
Tá cead pleanála ag UAB T2 a thógáil agus má thagann toradh
dearfach tráthúil ar an bpróiseas achomharc atá ar siúl faoi láthair, tosóidh sé
ar an aerstáisiún nua a thógáil i dtreo dheireadh an tsamhraidh.
Is mian
le UAB an moll faisnéise míchruinne is déanaí ó Ryanair a bhréagnú.
- Ní chosnóidh T2 €750m mar atá Ryanair ag rá le cúpla mí, gan trácht
ar €800 mar a d’fhógair siad ag deireadh na seachtaine. Cosnóidh T2 €395m in
airgead an lae inniu. Táthar tar éis a dheimhniú go neamhspleách go bhfuil an
praghas seo ag teacht le costas saoráidí den sórt in aerfoirt mhóra eile san
Eoraip.
- Níor chuir UAB costas €200m riamh ar T2. I samhradh na bliana 2005 mheas
sé go bhféadfaí costas isteach is amach le €200m a chur ar aerstáisiún
barúlach. €395m an t-aon chostas buiséadaithe a d’fhoilsigh UAB don
aerstáisiún 75,000 m2 m lándeartha a thógfaidh sé in Aerfort Bhaile Átha
Cliath.
- Ní dhúblófar na táillí aerfoirt in Aerfort Bhaile Átha Cliath le híoc as
T2. Tá an Coimisiún um Rialú Eitlíochta tar éis €6.34 a leagan síos mar an
táille aerfoirt is mó is féidir a ghearradh in aghaidh an phaisinéara in
Aerfort Bhaile Átha Cliath i láthair na huaire. Tá UAB tar éis méadú atá
beagáinín níos mó ná €1 a iarraidh ar an meántáille aerfoirt i rith na dtrí
bliana atá romhainn le híoc as T2 agus na saoráidí nua eile, a mbeidh costas
iomlán €1.2bn leo. Tá an meántáille €7.50 a bhfuiltear tar éis cur isteach air
níos lú cuid mhaith ná costas a lán seirbhísí caighdeánacha aerlíne. Fiú
amháin leis an táille seo, bheadh Aerfort Bhaile Átha Cliath níos saoire ná
aon aerfort mór eile san Eoraip
- Níor dhiúltaigh UAB d’aon tairiscint a rinne Ryanair riamh le bheith ina
thionónta de T2. Ní dhearna Ryanair aon tairiscint riamh le bheith ina
thionónta de T2 agus tharraing sé siar as aon chomhairliúchán fóinteach, ag
rá, rud nárbh fhíor, go raibh an t-aerstáisiún á thógáil san áit mhícheart.
- Ní chuirfidh tógáil T2 srian bliantúil 30m le líon na bpaisinéirí a bheidh
ag dul trí Aerfort Bhaile Átha Cliath. Forálann an ceadúnas pleanála a tugadh
d’UAB le haghaidh Aerfort Bhaile Átha Cliath go gcaithfear tosú ag ullmhú do
thógáil an tríú aerstáisiún nuair a shroichfidh líon na bpaisinéirí 30m.
Riarfaidh T2 go héasca ar líon chomh mór le 35m paisinéir in Aerfort Bhaile
Átha Cliath, rud a thabharfaidh tréimhse cairde deich mbliana fáis tar éis
2009.
Faisnéis ó:
Vincent Wall; Stiúrthóir Cumarsáide, UAB (01) 8144107, (087)
6860727