About Us

Cuirtear Soiléireacht Neamhleor ar fáil ag Moltaí Coimpléascacha an Rialaitheora maidir le Clár Infheistíochta Riachtanach ÚABÁC ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Tá an dréacht-chinneadh a d'fhoilsigh An Choimisiún um Rialú Eitlíochta (An Coimisiún) thar a bheith coimpléascach agus léiríonn sé athrú raidiciúil i gcur chuige an Choimisiúin maidir le conas agus cén uair a dhéanfaí aon infheistíocht ó ÚABÁC in infreastruchtúr an aerfoirt a chúiteamh mar is iomchuí.

Dá dheasca sin, glacfaidh ÚABÁC a am chun an cinneadh seo a athbhreithniú ina iomláine agus  déanfaidh sé soiléireacht a lorg ón Choimisiún maidir le cad é mar a dtiocfaidh a chuid meicníochtaí maoinithe nua i bhfeidhm ar sholáthar áiseanna nua ard-riachtanacha ag Aerfort  Bhaile Átha Cliath.

Mar fhreagairt thosaigh, tá díomá ar an ÚABÁC nár cheadaigh an Coimisiún an méadú measartha láithreach i dtáillí aerfoirt a chuirfeadh an tsoiléireacht maoinithe iomlán ar fáil atá riachtanach le dul ar aghaidh leis an chlár tógála ag Aerfort Bhaile Átha Cliath chomh luath agus a bheidh an próiseas achomhairc pleanála críochnaithe.

Cuireann ÚABÁC failte roimh chinneadh an Choimisiúin go bhfuil an chuid is mó de chlár gearrthéarmach infheistíochta na cuideachta de €1.2bn do Aerfort Bhaile Átha Cliath riachtanach agus de phraghas measartha araon. Ach ceistíonn sé an fáth gur chóir go ndéanfaí an infheistíocht seo a chúiteamh trí mhéadú breisíoch ionchasach níos mó  i dtáillí aerfoirt d'úsáideoirí ó 2009, seachas an tsoiléireacht a bhainfeadh le méadú céimnithe níos réidh, agus é ag tosú i mbliana. 

Caithfidh an ÚABÁC  suimeanna suntasacha de chaipiteal a fháil ar iasacht chun an dara críochfort de chuid Aerfort Bhaile Átha Cliatha mhaoiniú chomh maith le háiseanna paisinéara agus aerpháirce eile. Rachaidh sé i ngleic leis an Choimisiún anois le fáil amach cad é mar is féidir a chinntiú don chuideachta agus d'íasachtóirí ionchasacha go dtarlóidh an méadú iarchurtha i dtáillí aerfoirt agus go ndéanfar a n-infheistíocht a chúiteamh go cuí.

.