Top Level Content Navigation:
Thaistil níos mó ná 1.8 milliún paisinéir trí Aerfort
Bhaile Átha Cliath le linn mhí Aibreáin, meadú de 9 % ar an tréimhse chéanna
anuraidh, de réir figiúirí a chuir Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath
amach.
Mhéadaigh trácht paisinéara chuig/ó Mhór-roinn
na hEorpa faoi 19% agus níos mó ná 930,000 paisnéir ag taisteal i mí
Aibreáin.
D'fhan trácht chuig an RA ina stad in Aibreán agus níos mó ná
735,000 paisinéir ag taisteal san earnáil bhealaigh seo.
Thaistil níos mó
ná 68,000 paisinéir ar bhealaigh intíre chuig/ó Aerfort Bhaile Átha Cliath,
méadú de 7% ar an mhí chéanna anuraidh agus mhéadaigh líonta paisinéirí chuig/ó
Mheiriceá Thuaidh faoi 1% agus beagnach 100,000 paisinéir ag taisteal chuig Na
Stáit Aontaithe i mí Aibreáin amháin.
Mhéadaigh trácht paisinéara
idirnáisiúnta chuig an Mheánoirthear (Dubai agus Bairéin), chuig tuaisceart na
hAfraice (Sharm El Sheik) agus chuig an Afraic Theas(Capetown) faoi 6% agus níos
mó ná 16,000 paisinéir ag taisteal chuig na cinn scríbe sin in
Aibreán.
Thaistil níos mó ná 8,000 paisinéir idirthurais trí Aerfort
Bhaile Átha Cliath chuig ceann scríbe ar aghaidh le linn mhí
Aibreáin.
Rinne Aerfort Bhaile Átha Cliath níos mó ná 6.6 milliún
paisinéir a éascú ó mhí Enáir go mí Aibreáin, méadú de 13 % ar an tréimhse
chéanna anuraidh.
Rinneadh níos mó ná 750,000 paisinéir breise a
láimhseáil ag an aerfort ó thús na bliana.
Deireadh
16 Bealtaine,
2007
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Siobhán Moore
- 087.2710065
Secondary Content Navigation: