Top Level Content Navigation:
Tá níos mó ná 50 spás pairceála ann anois atá tiomnaithe
d'úsáideoirí chathaoireacha rothaí agus iad suite ar an bhun-úrlár íochtarach de
Bhloc B den charrchlós ilstórach ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Tá gach
spás marcáilte go soiléir agus comhlíonann siad an tsonraíocht riachtanach do
phaisineirí chathaoireacha rothaí.
Rinneadh an tsaoráid uasghrádaithe seo
a sheachadadh mar chuid d'infheistíocht iomlán de €10m in athfhorbairt agus in
athchóiriú an chórais charrchlóis ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Dúirt
urlabhraí Aerfort Bhaile Átha Cliath "Bíonn muid ag déanamh ar ndícheall ar
bhonn leanúnach chun na háiseanna ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a fheabhsú do
gach paisinéir a bhfuil soghluaisteacht lagdaithe acu agus do phaisinéirí le
cathaoireacha rothaí go háirithe. Tá an limistéar pairceála nua furasta le
haimsiú agus ciallaíonn dúbláil na spásanna pairceála go mbíonn spásanna ar fáil
i gcónaí do phaisinéirí a mbíonn an tsaoráid seo de dhíth orthu"
Gearrtar
ráta pairceála fadtéarmach ar phaisinéirí a úsáideann na spásanna nua d'úsáid
chathaoir rothaí agus iad ag pairceáil do thréimhsí níos faide ná 3 huaire. Is é
an ráta pairceála fadtéarmach ná €8.50 in aghaidh an lae. Ba chóir do
chustaiméirí a thabhairt faoi deara go n-iarrtar orthú an cnaipe Faisnéise a
bhrú a chuirtear in iúl ag an tsiombail ag an bhacainn iontrála chun rochtain a
fháil ar an charrchlós chathoireacha rothaí.
Tá 6 spás pairceála breise suite i mBloc A den charrchlós ilstórach.
Deireadh
Secondary Content Navigation: