About Us

Líon buaice de phaisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus freastal á dhéanamh ar 10.8 milliún sa chéad 6 mhí, 2.2m paisinéir i mí an Mheithimh

Sháraigh tréchur paisinéirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath 10.8 milliún sna chéad 6 mhí den bhliain seo, méadú de 11 % ar an tréimhse chéanna anuraidh de réir figiúirí a chuir Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath amach.

Rinneadh beagnach 1.1 milliún paisinéir breise a éascú le linn na chéad sé mhí den bhliain atá cothrom le 6,000 paisinéir breise ar an mheán gach lá i 2007.
Mhéadaigh trácht paisinéara chuig/ó Mhór-roinn  na hEorpa faoi 22 % agus níos mó ná 5.4 milliún paisinéir ag taisteal le linn na chéad sé mhí den bhliain.
D'fhan trácht chuig an RA ina stad agus níos mó ná 4.2 milliún paisinéir ag taisteal san earnáil bhealaigh seo.

Mhéadaigh líon paisinéirí a bhí ag taisteal ar bhealaí intíre chuig/ó Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi 8% go níos mó ná 412,000 agus líonta paisinéirí ag taisteal chuig/ó Mheiriceá Thuaidh ag méadú faoi 4% agus 608,000 paisinéir ag taisteal chuig Na Stáit Aontaithe ó Eanáir go Meitheamh i mbliana.

Mhéadaigh trácht idirnáisiúnta eile chuig an Mheánoirthear (Dubai agus Bairéin), chuig tuaisceart na hAfraice (Sharm El Sheik) agus chuig an Afraic Theas(Capetown) faoi 22% agus níos mó ná 105,000 paisinéir ag taisteal chuig na cinn scríbe sin le linn na chéad sé mhí den bhliain.

Laghdaigh líon na bpaisineirí ar idirthuras trí Aerfort Bhaile Átha Cliath chuig ceann scríbe ar aghaidh faoi 19% nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an tréimhse chéanna anuraidh rud a léiríonn líonra bealaigh láidir an Aerfoirt.

Agus é ag trácht ar an mhéadú mór i líonta paisinéirí dúirt Robert Hilliard, Stiúrthóir Aerfort Bhaile Átha Cliath "Tá sé suntasach le tabhairt faoi deara go bhfuil líonta paisinéirí sna chéad sé mhí den bhliain níos airde cheana féin ná líon iomlán na bpaisinéirí a bhí ag taisteal i 1997 nuair a rinneadh freastal ar 10.3 milliún paisinéir ag an Aerfort.

Ciallaíonn sé seo go héifeachtach gur mhéadaigh líonta paisinéirí ag an Aerfort faoi dhó agus níos mó ná sin i dtréimhse 10 mbliana" arsa an tUasal  Hilliard.
"Is fíordhúshlán leanúnach é don Aerfort chun freastal a dhéanamh ar an mhéadú suntasach seo i dtrácht paisinéirí gan aon chumas críochfoirt breise. Cé gur chuidigh oscailt Limistéir Cláraithe 14 leis an phlódú a éascú ar Urlár na nImeachtaí, ní bhainfear riachtanais cumais fadtéarmacha an Aerfoirt amach ach tríd an dara críochfort a sholáthar agus tá muid ag súil go mór le cinneadh ón Bhord Pleanála maidir leis sin", arsa an tUasal Hilliard.

Thuairiscigh ÚABÁC fosta go ndearnadh níos mó ná 90,800 paisinéir a éascú De Domhnaigh 1 Iúil atá caite agus gurbh é an lá is gnóthaí ag an aerfort chuige seo i mbliana.

Deireadh

10 Iúil, 2007

Le tuilleadh eolais déan teagmháil le: Siobhán Moore - 087.2710065