Top Level Content Navigation:
Táthar ag ceapadh go dtaistealóidh breis agus 350,000 paisinéir trí Aerfort Bhaile Átha Cliath i rith Dheireadh Seachtaine Lá Saoire Bainc mhí Lúnasa ó Dé hAoine an 3ú lá go Dé Luain an 6ú lá de mhí Lúnasa (é seo san áireamh), 2007, méadú 10% ar an tréimhse chéanna anuraidh.
Tiocfaidh agus imeoidh 2,400 eitilt i rith na tréimhse seo, lena n-áirítear 280 eitilit chairtfhostaithe de bhreis ar an an ngnáthsceideal.
Ba mhaith le hAerfort Bhaile Átha Cliath Rialacháin Slándála Eitlíochta an AE i dtaobh leachtanna a mheabhrú do na paisinéirí. Moltar go láidir do na paisinéirí eolas a chur ar mhionsonraí na rialachán seo ar <http://www.dublinairport.com/> ROIMH cur chun bóthair dóibh go dtí an t-aerfort.
Meabhraítear arís do na paisinéirí nach mór aon earra géar a bhaint amach as a mbagáiste láimhe. Ní mór a leithéidí a phacáil sa bhagáiste atá le seiceáil isteach. Chomh maith leis sin, ní mór ríomhairí glúine a bhaint amach as a gcás seachtrach le haghaidh na seiceála slándála.
Beidh foirne Cúraim Chustaiméirí Aerfort Bhaile Átha Cliath ag obair ar fud an aerstáisiúin i rith dheireadh seachtaine na saoire bainc seo. Agus iad ag caitheamh léinte póló glé-bhándearga, is éard atá uathu an bealach a réiteach do na paisinéirí tríd an aerstáisiún. Beidh siad ann freisin le comhairle a thabhairt ar shrianta an AE maidir le leachtanna agus cabhróidh siad leis na haerlínte na scuainí a riaradh ag an seiceáil isteach.
Moltar do na paisinéirí seiceáil isteach ar a laghad 90 nóiméad ROIMH am imeachta a n-eitilte agus 30 nóiméad breise a chur san áireamh má bhaineann siad úsáid as ceann de na carrchlóis fhadtéarmacha.
Ach moltar freisin dóibh gan teacht chun an aerfoirt uaireanta an chloig roimh am imeachta a n-eitilte.
A chríoch sin
2 Lúnasa, 2007
Secondary Content Navigation: