About Us

Breis agus 2.7m paisinéir breise ag Aerfort Bhaile Átha Cliath in 2006

Taispeánann figiúirí oifigiúla dheireadh na bliana a d'eisigh Aerfort Bhaile Átha Cliath an 24 Eanáir, gur thaisteal breis agus 2.7 milliún paisinéir breise tríd an aerfort anuraidh, a léiríonn ardú 15% ar 2005.  Bhain breis agus 21.1 milliún paisinéir úsáid as Aerfort Bhaile Átha Cliath in 2006.

Tháinig méadú suntasach 25% ar thrácht Eorpach le breis agus 10 milliún paisinéir ag taisteal  in 2006.   Tharla an fás seo trí theaglaim de bhealaí nua Eorpacha agus aerárthaí níos mó a bheith ag feidhmiú ar sheirbhísí reatha.  Is é margadh na hEorpa anois an earnáil bhealaigh is mó atá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, chun cinn anois ar mhargadh na RA .

Baineadh amach fás suntasach ar bhealaí Mheiriceá Thuaidh chomh maith le méadú 8% ar líon na bpaisinéirí.   Thaisteal breis agus 1.3 milliún paisinéir ar an iliomad seirbhísí trasatlantacha go dtí agus ó Aerfort Bhaile Átha Cliath.  Tacaíodh le fás ar an mbealach seo le seirbhísí laethúla nua ar bhealaí Nua-Eabhrac agus Newark.

Tháinig fás 4% ar thrácht go dtí an RA agus uaithi le breis agus 8.6 milliún paisinéir ag taisteal anuraidh agus d'éirigh go maith le trácht intíre chomh maith, le méadú 25% go dtí breis agus 810,000 paisinéir.

B'fhiú a thabhairt faoi deara gur tháinig méadú suntasach ar líon na bpaisinéirí ag taisteal go dtí an Pholainn agus uaithi, go dtí an Réigiún Baltach agus uaidh, agus go dtí an Meánoirthear agus uaidh, in 2006.   Tháinig an méadú ba mhó i margadh na Polainne, inar fhás  líon na bpaisinéirí ó 143,000 in 2005 go dtí breis agus 580,000 in 2006. Ar an gcaoi chéanna, d'fhás na bealaí Baltacha le chéile (an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin) ó 174,000 paisinéir in 2005 go dtí breis agus 340,000 paisinéir in 2006.   Thaisteal breis agus 95,000 paisinéir go díreach ó/go dtí an Meánoirthear le linn 2006.

Ba bhliain thar a bheith gnóthach arís í an bhliain seo caite d'Aerfort Bhaile Átha Cliath le:

  •  51 bealach agus seirbhís nua á seoladh
  • breis agus dhá mhilliún paisinéir ag dul tríd an aerfort i ngach ceann de  na míonna  seo a leanas: Meitheamh,  Iúil, Lúnasa agus Meán Fómhair
  • ceiliúradh an 20ú milliún paisinéir i mbliain amháin.


Tá an líon is mó aerlínte riamh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath anois, le 97 aerlíne sceidealta agus cairte a eitlíonn go dtí breis agus 180 ceann scríbe idirnáisiúnta agus tá a thuilleadh fós le teacht.  Tá sé beartaithe 20 bealach/seirbhís nua a sheoladh sa chéad sé mhí de 2007.  

Agus é ag caint faoin bhfeidhmíocht anuraidh, dúirt Stiúrthóir Aerfort Bhaile Átha Cliath, Robert Hilliard: "ba bhliain an-ghnóthach, dúshlánach agus rathúil é 2006 d'Aerfort Bhaile Átha Cliath agus cé go bhfuiltear ag súil le fás sa bhreis ar aon mhilliún ar líon na bpaisinéirí i mbliana feicfidh úsáideoirí an aerfoirt torthaí inbhraite ar ár bpleananna chun freastal ar an bhfás seo le hacmhainn bhreise ag teacht chun cinn.

Cuirfear Limistéar Cláraithe 14 i bhfeidhm gan mhoill agus beidh sé ar a chumas plé le 3-4 mhilliún paisinéir ag dul amach gach bliain.  Tabharfaidh an limistéar nua seo, le 25 deasc chláraithe bhreise, faoiseamh suntasach d'Urlár na nEitiltí Amach.  Chomh maith leis sin, táthar ag leanúint ar aghaidh go tapa le hobair ar an áis mhór bordála paisinéirí nua, ar a dtugtar Cé D, atá le bheith curtha i gcrích i nDeireadh Fómhair na bliana seo; tá obair ullmhúcháin ar bun le haghaidh éisteacht bhéil ag an mBord Pleanála mar chuid den phróiseas achomhairc maidir le T2 agus tá an fhaisnéis bhreise, a d'iarr an Bord Pleanála, á cur le chéile maidir leis an rúidbhealach nua atá molta" a dúirt an tUasal Hilliard.

Críoch
24 Eanáir, 2007