About Us

Cuireann ÚABÁC Scéim Dhreasachta an Bhealaigh Nua ar Fionraí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath

Tá scéim dhreasachta an bhealaigh nua ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) curtha ar fionraí acu ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

 Ciallaíonn an cinneadh nach ndéanfaidh ÚABÁC aon iarratais nua do thacaíocht dhreasachta an bhealaigh a phróiseáil ó chríoch na hoibre, Dé Máirt 7 Lúnasa 2007, ar feitheamh le hathbhreithniú na scéime.

Tá an athbhreithniú seo á chomhlíonadh mar fhreagra ar phleanáil leanúnach agus éiginnteachtaí eile maidir le feidhmiú agus forbairt Aerfoirt Bhaile Átha Cliath, a chuimsíonn tógáil an dara críochfort paisinéara (C2), leathnú ar an gcríochfort atá ann cheana féin agus áiseanna riachtanacha eile chun tabhairt faoi easpa acmhainne an phaisinéara agus aerpháirce.

"Fáiltímid roimh thrácht nua agus réimse níos leithne cinn scríbe ar son ár bpaisinéirí uilig," a dúirt Robert Hilliard, Stiúrthóir Aerfort Bhaile Átha Cliath. "Cibé ar bith, i dtimpeallacht ina bhfuil bonneagar an Aerfoirt faoi bhrú toisc fás láidir ar líon na bpaisinéirí  agus ina bhfuil constaicí fós le sárú inár bpleananna chun an Aerfort a chlaochlú, caithfidh muid gach beart ar fáil a scrúdú chun plódú tráchta a mhaolú ag uastréimhsí taistil. Tá athbhreithniú ar scéimeanna tacaíochta an bhealaigh atá againn ar cheann de na bearta sin."

Tá Scéim Thacaíochta an Bhealaigh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, atá ar fionraí i láthair na huaire, ar cheann de na scéimeanna a cuireadh tús leo i 2005. Déanann an scéim lascaine iomlán a thairiscint ar tháillí caighdeánacha an aerfoirt sa chéad bhliain den bhealach nua incháilithe; lascaine 75% sa dara bliain agus lascaine 50% sa tríú bliain, agus ina dhiaidh sin, ní bhaineann lascaine ar bith.

Caithfidh na sceidil incháilithe a bheith ina gcinn scríbe lasmuigh den AE, nach bhfuil freastal déanta orthu i láthair na huaire ó Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ina bhfuil minicíocht ar a laghad trí huaire in aghaidh na seachtaine ag baint leo.


Críoch
8 Lúnasa, 2007
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
Vincent Wall - 087.6860727
Siobhan Moore - 087.2710065
Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath <http://www.dublinairport.com/>