Top Level Content Navigation:
Thaisteal níos mó ná 1.4 milliún paisinéir trí Aerfort
Bhaile Átha Cliath i mí Eanáir 2007, sin méadú 11% ar an mí chéanna anuraidh de
réir figiúirí a d'eisigh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Tháinig ardú
25% ar thrácht paisinéirí ó/go dtí Mór-Roinn na hEorpa le 680,000 paisinéir ag
taisteal an mhí seo caite.
D'fhan trácht RA gan mórán athraithe nuair a
chuirtear i gcomparáid é le hEanáir '06, le 615,000 paisinéir ag taisteal in
earnáil an bhealaigh seo.
Thaisteal breis agus 57,000 paisinéir ar
bhealaí intíre ó/go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath, sin méadú 8% ar an mbliain
seo caite agus taifeadadh méadú 3% ar líon na bpaisinéirí ag taisteal ó/go dtí
Meiriceá Thuaidh go dtí breis agus 78,000.
Tháinig méadú 65% ar thrácht
paisinéirí go dtí an Meán-Oirthear (Dubai agus Bairéin), tuaisceart na hAfraice
(Maracó, Agadir) agus an Afraic Theas le breis agus 20,000 paisinéir ag taisteal
chuig na cinn scríbe sin i mí Eanáir.
Críoch
9 Feabhra,
2007
Chun tuilleadh eolais a fhail, téigh i dteagmháil le: Siobhán Moore
– 087-2710065
Secondary Content Navigation: