At The Airport

Rialacháin Nua Slándála Eitlíochta an AE do Phaisinéirí

Tiocfaidh rialacháin nua slándála eitlíochta an AE do phaisinéirí i bhfeidhm an 6 Samhain 2006.  Ar an ábhar sin, má tá fút taisteal tá sé tábhachtach go gcuirfeá eolas ar na rialacháin nua seo agus an tionchar a bheidh acu ar chúrsaí taistil ó 6 Samhain seo chugainn amach. 
Mínítear thíos céard a chiallaíonn na rialacháin nua, bíodh tú ag taisteal ar chúrsaí gnó nó fóillíochta, agus na rudaí ar mhór duit a mheabhrú má tá leanaí ag taisteal leat nó má tá riachtanais chothaithe nó leighis faoi leith agat.  Lena chois sin tá freagraí tugtha againn ar roinnt ceisteanna a d’fhéadfaí a chur faoi na rialacháin nua agus tá súil againn go bhfuil freagraí soiléire againn orthu (cliceáil anseo le féachaint ar cheisteanna coitianta)( ).
Ón 6 Samhain ar aghaidh ní cheadófar leachtanna, glóthacha, taos, lóiseanna ná cosmaid trí na hionaid scagtha slándála do phaisinéirí ag aon aerfort de chuid an AE ach amháin má tá na hábhair sin i gcoimeádáin nach mó ná 100ml.NÍ MÓR iad a thabhairt lena n-iniúchadh sa limistéar scagtha slándála do phaisinéirí i mála trédhearcach in-athshéalaithe nach mó ná aon lítear, 20cm x 20cm
Baineann na rialacha seo le leachtanna ar nós uisce agus deochanna eile, cannaí aerasóil agus earraí maisíochta ar nós taos fiacla, uachtar bearrtha, glóthach gruaige, snas béil agus uachtair éagsúla eile.

Níl ach dhá eisceacht ann maidir leis na rialacha seo  : 

  • Bia leanaí a bheidh ag teastáil le linn na heitilte;
  • Cógais Leighis a bheidh ag teastáil le linn na heitilte

Ní mór na hearraí díolmhaithe a chur i mála trédhearcach in-athshéalaithe agus iad a thabhairt ar leithligh lena n-iniúchadh sa limistéar scagtha slándála do phaisinéirí.

Mar sin, ón 6 Samhain ar aghaidh bainfidh na rialacha seo a leanas le leachtanna i mbagáiste láimhe: (ar lean thíos)

EU_liquid_ad

  1. Ní féidir leat leachtanna, glóthacha, lóiseanna nó cosmaid a thabhairt leat trí na hionaid scagtha slándála do phaisinéirí ag aon aerfort de chuid an AE ach amháin i gcoimeádáin nach mó ná 100ml.
  2. Ní mór na coimeádáin seo a iompar i mála trédhearcach in-athshéalaithe agus iad a thabhairt ar leithligh d’oifigigh scagtha slándála.
  3. Ní cheadófar ach aon mála trédhearcach plaisteach amháin an duine.
  4. Ní féidir toilleadh an mhála thrédhearcaigh a bheith níos mó ná lítear amháin, 20cm x 20cm.
  5. Caithfidh an mála plaisteach a bheith in-athshéalaithe.


Nuair atá tú ag dul tríd an ionad scagtha slándála do phaisinéirí ní mór duit an mála trédhearcach in-athshéalaithe, ina bhfuil na leachtanna agus na hábhair eile lena mbaineann na rialacháin seo, a chur i dtráidire faoi leith lena x-gathú.

Ní mór cótaí, seaicéid agus fearais mhóra leictreacha ar nós ríomhairí glúine a chur sa tráidire freisin chun go ndéanfar scagadh slándála orthu.

Molaimid go tréan duit na leachtanna nó substaintí eile lena mbaineann na rialachán seo a chur sa mála trédhearcach in-athshéalaithe riachtanach, más rud é gur ghá duit iad a iompar i do bhagáiste láimhe,…SULA dTOSAÍONN TÚ AR DO THURAS AR CHOR AR BITH.    Tá na málaí seo le fáil i bhformhór na n-ollmhargaí áitiúla. Beidh málaí trédhearcacha plaisteacha le fáil ag an aerfort, áfach, i rith tréimhse tosaigh na rialachán seo.

Tá líne teileafóin shaorghlao ann ar féidir leat a ghlaoch chun comhairle a fháil ag uimhir 1800 250 180

(cliceáil anseo le féachaint ar cheisteanna coitianta ).