At The Airport

Rialacháin an AE maidir le Leachtanna - Ceisteanna Coitianta

Céard a mholfá dom a dhéanamh le dul tríd an limistéar Scagtha Slándála chomh réidh agus is féidir?BR>Cuir na leachtanna go léir atá agat sa bhagáiste atá le seiceáil isteach.  Cinnteoidh sé seo go mbeidh tú in ann dul go réidh tríd an limistéar scagtha slándála do phaisinéirí.

Céard atá i gceist agat leis an bhfocal ‘leacht’?BR>Is léir go bhfuil rudaí áirithe mar dheochanna agus cumhráin ina leachtanna.  Níl an scéal chomh soiléir i gcás rudaí mar ghlóthacha, thaos, lóiseanna, meascáin de leachtanna agus solaid agus inneachar aerasól.  Samplaí díobh siúd is iad taos fiacla, glóthach ghruaige, uachtar aghaidhe, cosmaidí atá ina leachtanna, snas béil, díbholaígh, cumhráin agus sobal bearrtha.

Céard iad na teorainneacha a bhaineann leis?BR>Ní cheadaítear ach leachtanna i gcoimeádáin nach mó ná 100ml agus ar féidir iad a chur i mála plaisteach trédhearcach aon lítear (thart faoi 20cm x 20cm) agus é a dhúnadh go réidh orthu.  Ba chóir an mála trédhearcach seo ina bhfuil na coimeádáin 100ml a thabhairt lena n-iniúchadh sa limistéar scagtha slándála do phaisinéirí.

An gá dom an leacht a chur sa mála plaisteach trédhearcach? BR>Is gá. Níl aon eisceacht ann. Nuair a shroicheann tú an t-ionad scagtha slándála do phaisinéirí ní mór duit an mála trédhearcach in-athshéalaithe, ina bhfuil na leachtanna agus na hábhair eile lena mbaineann na rialacháin seo, a chur i dtráidire faoi leith chun scagadh x-gathach a dhéanamh orthu.

An bhfuil cead agam mó mhála trédhearcach plaisteach féin a thabhairt liom ó m’áit chónaithe?
Tá, agus molaimid go tréan duit é sin a dhéanamh.  Ní mór don mhála a bheith trédhearcach in-athshéalaithe agus de thoilleadh nach mó ná aon lítear.   Tá na málaí seo le fáil i bhformhór na n-ollmhargaí áitiúla.

An bhfuil cead agam tuaslagán do mo lionsaí tadhaill a bhreith liom?
Ba chóir duit tuaslagán lionsaí tadhaill a phacáil sa bhagáiste atá le seiceáil isteach.  Más gá duit tuaslagán lionsaí a bhreith leat i do bhagáiste láimhe ní mór dó a bheith i gcoimeádán nach mó ná 100ml, agus é a thabhairt lena n-iniúchadh i mála trédhearcach aon lítear sa limistéar scagtha slándála do phaisinéirí.

An bhfuil cead agam cógas casachta nó sprae sróine a bhreith liom i mo bhagáiste láimhe?
Tá, ar choinníoll go bhfuil na hábhair seo i gcoimeádáin nach mó ná 100ml is go dtugtar iad ar leithligh lena n-iniúchadh i mála plaisteach trédhearcach aon lítear ag an ionad scagtha slándála do phaisinéirí.   Molaimid go tréan duit na hábhair seo a phacáil sa bhagáiste atá le seiceáil isteach mura bhfuil sé fíor-riachtanach iad a úsáid le linn na heitilte.

Ach céard faoi phaisinéirí a bhfuil cógais leighis de dhíth orthu, bianna cothaithe chun críocha speisialta agus bianna leachta do leanaí?BR>Ceadaíonn rialacháin nua slándála eitlíochta roinnt eisceachtaí do na srianta seo. Ina measc siúd tá cógais leighis fíor-riachtanacha agus riachtanais chothaithe eile i bhfoirm leachta, bianna do leanaí, mar shampla, nó do dhaoine a bhfuil aistí bia faoi leith acu.  Tá cead ag paisinéirí an oiread de na hábhair sin a thabhairt leo go dtí na hionaid scagtha slándála is a bheidh ag teastáil uathu don turas. B’fhéidir go n-iarrfar ar phaisinéirí, mar chosaint bhreise, a thaispeáint gur leigheasanna nó bianna speisialta iad na hábhair sin agus nach ábhair nach bhfuil chomh neamhurchóideach iad.

An bhfuil cead agam leachtanna, cosmaidí nó ceann de na hábhair sin a mbaineann na rialacháin leo a cheannach fós i siopaí an aerfoirt lastall de na hionaid slándála do phaisinéirí, agus iad a thabhairt liom ar bord an eitleáin?
Féadfaidh tú leachtanna, nó na hábhair sin a mbaineann na rialacháin leo a cheannach fós i gcoimeádáin de thomhas ar bith chomh fada is atá tú lastall de na hionaid scagtha slándála, nó ar bord eitiltí de chuid aerlínte Eorpacha. Déanfaidh duine d’fhoireann an tsiopa nó d’fhoireann an eitleáin na leachtanna nó na glóthacha a cheannaíonn tú lastall de na hionaid scagtha slándála a phacáil agus a shéalú duit, más gá é sin, i mála a léireoidh má bhaintear leis.

An féidir liom táirgí mar dhíbholaígh, seampúnna, agus cumhráin níos mó ná 100ml a cheannach san ionad siopadóireachta Luacha Taistil?
Is féidir. Déanfaidh duine d’fhoireann an tsiopa na táirgí seo a phacáil agus a shéalú duit, más gá é sin, i mála a léireoidh má bhaintear leis.

An mbaineann an srianadh seo le heitiltí faoi leith nó le gach eitilt?BR>Baineann an srianadh nua le gach eitilt ó aerfoirt an AE is cuma cá bhfuil siad ag dul.

Céard faoi phaisinéir ag aistriú ó eitilt amháin go heitilt eile?
Má tháinig an chéad eitilt ó aerfoirt san AE agus má ceannaíodh na hearraí lastall de na hionaid slándála do phaisinéirí, cuirfear na leachtanna i mála a léireoidh má bhaintear leis agus comhlíonfaidh sé na rialachán dá bharr sin.  Féadfaidh na paisinéirí na leachtanna a thabhairt leo ar bord na dara heitilte má tá siad fós sna málaí a léireoidh má bhaintear leo. Má thagann an chéad eitilt ó thír lasmuigh den AE, áfach, sáróidh na hearraí na rialacháin nua toisc nach mbeidh siad curtha sna málaí cuí.Caithfidh na paisinéirí sin géilleadh do rialacháin nua slándála an AE nuair a bhíonn siad ag aistriú trí aerfort san AE.

An é Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath an t-aon dream a bhfuil na srianta nua seo acu?BR>Ní hé, is Rialachán de chuid an AE (CE NO 1546/2006) atá ann ar ghlac an Coimisiún Eorpach atá freagrach as Slándáil Eitlíochta leis.  Tiocfaidh na rialacha seo i bhfeidhm ag aerfoirt gach ballstát den AE ón 6 Samhain. 

Comhairle ghinearálta do phaisinéirí a bhfuil bagáiste le seiceáil isteach acu…

Céard a mholfá dom a dhéanamh le dul tríd an limistéar Scagtha Slándála chomh réidh agus is féidir? BR>Cuir na leachtanna go léir atá agat sa bhagáiste atá le seiceáil isteach.  Cinnteoidh sé seo go mbeidh tú in ann dul go réidh tríd an limistéar scagtha slándála do phaisinéirí.

Céard a dhéanfaidh mé mura bhfuil aon dul as agam ach leachtanna a thabhairt liom?
Ba chóir na leachtanna seo a chur i gcoimeádáin nach mó ná 100ml agus iad a chur i mála trédhearcach in-athshéalaithe de thoilleadh nach mó ná aon lítear. Ba chóir é seo a dhéanamh SULA sroicheann tú an limistéar scagtha slándála do phaisinéirí agus b'fhearr fós é a dhéanamh sula dtosaíonn tú ar do thuras ar chor ar bith. Tá na málaí trédhearcacha in-athshéalaithe seo le fáil i bhformhór na n-ollmhargaí áitiúla

Céard a tharlóidh má tá leachtanna agam a bhfuil níos mó ná 100ml agus mé ag dul tríd an limistéar scagtha slándála do phaisinéirí?
De réir rialacháin nua eitlíochta an AE níl sé ceadaithe leachtanna níos mó ná 100ml a thabhairt tríd an limistéar scagtha slándála do phaisinéirí agus tógfar uait iad ag an bpointe sin P>

Más rud é go bhfuilim ag dul ar thuras lae, is é sin le rá, má táim ag imeacht go luath ar maidin agus ag filleadh níos déanaí an lá céanna, agus má cheannaím earraí mar chumhráin, cosmaidí is araile a bhfuil níos mó ná 100ml, an féidir liom iad seo a thabhairt tríd an ionad slándála ar m’fhilleadh dom?BR>Is féidir ar choinníoll go bhfuil siad slán fós agus istigh sa mála a léireoidh má bhaintear leis agus an admháil istigh leo.

Comhairle do Mhná…

Céard ba chóir dom a dhéanamh má táim ag dul ar thuras gnó nó ar shaoire ghearr deireadh seachtaine agus gan agam ach bagáiste láimhe? BR>Ba chóir rudaí mar sheampúnna, bonnsmideadh leachtach, cumhráin, díbholaígh, taos fiacla agus tuaslagán lionsaí tadhaill a chur i gcoimeádáin nach mó ná 100ml. Ní mór iad a thabhairt lena n-iniúchadh sa limistéar scagtha slándála i mála trédhearcach in-athshéalaithe de thoilleadh nach mó ná aon lítear.
Má dhéanann tú cúrsaí a phleanáil mar seo roimh ré cabhróidh sé leat dul tríd an ionad scagtha slándála go héifeachtach.  

Céard faoi mo mhascára, agus mo shnas béil nó veasailín?BR>Ba chóir mascára leachtach, snas béil agus veasailín a chur i mála trédhearcach in-athshéalaithe plaisteach P>

Ar chóir dom mo bhoiscín púdair, mo bhéaldath soladach agus mo luisneach a chur isteach leo freisin?
Ba chóir.   Seo riail shimplí duit – cuir gach a bhfuil i do mhála cosmaide nó smididh isteach sa mála trédhearcach aon lítear ach gan aon coimeádán tomhas thar 100ml a bheith agat ann.

Comhairle d'Fhir…

Céard ba chóir dom a dhéanamh má táim ag dul ar thuras gnó nó ar shaoire ghearr deireadh seachtaine agus gan agam ach bagáiste láimhe?
Ba chóir rudaí mar seampúnna, taos fiacla, táirgí iarbhearrtha agus tuaslagán lionsaí tadhaill a chur i gcoimeádáin nach mó ná 100ml agus iad a thabhairt lena n-iniúchadh san limistéar scagtha slándála do phaisinéirí i mála trédhearcach in-athshéalaithe de thoilleadh nach mó ná aon lítear.

Céard faoi mo shobal bearrtha?
Ní mór sobal bearrtha a iompar i gcoimeádán nach mó ná100mls agus é a chur sa mhála trédhearcach.

Comhairle do  phaisinéirí a bhfuil  naíonáin agus leanaí óga leo…

An féidir liom bia linbh nó bainne a thabhairt tríd an ionad slándála?BR>Is féidir. Tá bia linbh agus bia do dhaoine a bhfuil aistí bia faoi leith acu díolmhaithe ó na rialacháin seo.  Tá cead ag paisinéirí an oiread de na hábhair sin a thabhairt leo trí na hionad scagtha slándála is a bheidh ag teastáil uathu don turas.
B’fhéidir go n-iarrfar ar phaisinéirí a thaispeáint gur bhianna fíora chun críche fíora atá iontu agus nach ábhair nach bhfuil chomh neamhurchóideach iad.

Comhairle do phaisinéirí a bhfuil cógais de dhíth orthu…

An féidir liom mo chógas a thabhairt liom ar bord eitleáin?BR>Is féidir. Tá cead ag paisinéirí an oiread sin de leigheasanna fíor-riachtanacha agus de riachtanais réimbianna i bhfoirm leachta is a bheidh ag teastáil uathu don turas a thabhairt leo trí na hionaid scagtha.
B’fhéidir go n-iarrfar ar phaisinéirí a thaispeáint gur fíorbhianna chun críche fíora atá iontu agus nach ábhair nach bhfuil chomh neamhurchóideach iad.