Top Level Content Navigation:
Is tosaíocht mhór de chuid Aerfort Bhaile Átha Cliath í do shábháilteacht agus do shláinte. Beidh tú faoi réir ag roinnt seiceálacha slándála am ar bith a thaistealaíonn tú ar eitleán. Baineann formhór na seiceálacha slándála sin leis an méid dá bhfuil cead agat a thabhairt leat ar bord an eitleáin. Seiceálfar an bagáiste a bheidh ar iompar agat agus an bagáiste a bheidh agat nuair a chlárófar tú, de láimh agus/nó trí threalamh leictreonach, lena chinntiú nach bhfuil substaintí a d'fhéadfadh a bheith contúirteach ar iompar agat, nó ábhar a d'fhéadfadh bagairt a dhéanamh ar na paisinéirí agus ar an gcriú nó do shlándáil agus sábháilteacht an eitleáin.Your safety and security is Dublin Airport's top priority.
Moltar do phaisinéirí díreach píosa AMHÁIN bagáiste láimhe a bheith ar iompar acu. Ba chóir ábhair ghéara a thógáil amach as an mbagáiste a bheidh tú a iompar agus iad a chur sa bhagáiste a chlárófar.
Seiceáil go bhfuil d'eitilt in am sula bhfágann tú an t-aerfort agus deimhnigh an t-am a éilíonn d'aerlíne ort clárú. Molann Aerfort Bhaile Átha Cliath duit teacht chuig an aerfort ar a laghad 90 nóiméad sula bhfágann an eitilt. Bí foighneach le do thoil má bhíonn ort fanacht i scuaine ag deasca cláraithe, rialú slándála, nó ag do gheata - cinntíonn na seiceálacha slándála a dhéanaimid nuair a théann tú tríd an aerfort go mbíonn gach paisinéir slán sábháilte. Bíonn cainéal slándála paisinéirí tiomnaithe i gcás eitiltí intíre na hÉireann i bhfeidhm ag buaic-thréimhsí i limistéar Geataí Imeachta "A" i gcríochfort na bpaisinéirí.
Cuidigh linn na scuainí a laghdú ag rialú slándála trína chinntiú nach bpacálann tú ábhair a bhfuil cosc orthu sa bhagáiste a bhíonn ar iompar agat ná sa bhagáiste a chláraíonn tú. Tá sonraí sa liosta thíos de na hábhair nach féidir a phacáil sa bhagáiste a bhíonn ar iompar agat. Ní mór iad a chur sa bhagáiste a chláraíonn tú. Iarrfar ort na nithe seo a thabhairt ar láimh le fáil réidh leo má fhaightear iad sa bhagáiste a bheidh ar iompar agat.
Tá roinnt rudaí nach féidir a thabhairt ar bord eitleáin ar chúiseanna sábháilteachta, ná pacáil mar sin in aon bhagáiste iad le do thoil (bagáiste a bheidh ar iompar agat nó ag an gclárú):
Ba mhaith le hAerfort Bhaile Átha Cliath buíochas
a ghabháil lena gcuid paisinéirí ar fad as ucht a gcomhoibriú le gnáthaimh
shlándála.
Secondary Content Navigation: