Change language: English »

At The Airport

Ceisteanna Coitianta

1. An bhfuil áis stórála bhagáiste ag Aerfort Bhaile Átha Cliath?

Tá áis an bhagáiste ar fáil in Aitriam an Charrchlóis, díreach trasna an bhóthair ón gCríochfort, do stóráil bhagáiste ar bhonn gearrtéarmach agus fadtéarmach. Tá an áis oscailte ó 06.00 go 23.00 sa lá agus athraíonn rátaí ag brath ar mhéid an bhagáiste.

Is féidir le paisinéirí eochracha cairr a fhágáil ar tháille le Greencaps, in Aitriam an Charrchlóis Caithfidh an duine atá ainmnithe na heochracha a bhailiú. Caithfidh an duine seo aitheantas fótagrafach a bheith acu agus iad ag bailiú na n-eochracha. Caithfidh siad siúd atá ag fágáil eochracha tagairt a sholáthar chomh maith de chén áit atá an carr páirceáilte.

Do shonraí breise cuir glaoch teileafóin ar Greencaps ag (01) 814 4633.

2. Cé a ndéanaim teagmháil leo i dtaobh earraí caillte ag Aerfort Bhaile Átha Cliath?

Ba chóir fiosrúcháin maidir le hearraí a chailltear in Aerfort Bhaile Átha Cliath (agus nach gcailltear ar bord eitleáin) a chur ar aghaidh chuig Oifig Phoiblí Póilíní an Aerfoirt ar Bhóthar na dTeachtaí.

Uaireanta oscailte 07.30 go 22.30. Cuir glaoch ar (01) 814 5555 nó comhlánaigh an fhoirm ar líne.

Ba chóir fiosrúcháin maidir le hearraí a chailltear ar an eitleán a chur ar aghaidh chuig an aerlíne nó chuig an ngníomhaire láimhseála cuí.

3. Cén míreanna a bhfuil cosc orthu ón mbagáiste láimhe?

Ná cuirtear na hearraí a leanas i do bhagáiste láimhe. Ní mór iad a chur i mbagáiste an bhoilg lasta. Iarrfar ort na hearraí seo a thabhairt suas le haghaidh diúscartha má fhaightear i do bhagáiste láimhe iad .

  • Siosúr (ach amháin má tá dhá lann cruinne aige nó má tá sé níos lú ná trí ceintiméadar ar fhad)
  • Ceadaítear lanna rásúir áit a bhfuil an lann socraithe i múnla plaisteach, ach cuirtear cosc ar rásúir ar féidir iad a oscailt agus an lann rásúir a bhaint amach 
  • Sceana is cuma cén fhad atá ag na lanna
  • Sceanra tí (ceadaítear spúnóga)
  • Snáthaidí hipideirmeacha (mura dteastaíonn siad ar chúiseanna leighis, agus teastaíonn cruthúnas sa chás sin) 
  • Uirlisí (lena n-áirítear iluirlisí agus sceana póca)
  • Crainn tabhaill
  • Corcscriúnna
  • Cuaillí siúlóide/fánadóireachta
  • Gunnaí bréige/aithrise (miotal nó plaisteach)
  • Slacáin spóirt
  • Raicéid leadóige
  • Dairteanna
  • Ciúnna billéardaí, snúcair nó púil

Ar chúiseanna sábháilteachta ní féidir earraí áirithe a bheith agat ar aon eitleán, mar sin ná cuir i do bhagáiste iad (bagáiste láimhe nó boilg)

  • Solaid agus leachtanna inadhainte
  • Ocsaídeoirí, mar phúdair thuartha
  • Sárocsaídí orgánacha
  • Gairis deorgháis nó aon sorcóirí gáis
  • Substaintí aicídeacha, mar ábhair a bhfuil víris bheo iontu
  • Cadhnraí cairr a úsáideann cealla fliucha
  • Maighnéatróin
  • Uirlisí le mearcair iontu
  • Uirlisí le maighnéid iontu
  • Tinte ealaíne
  • Lasáin neamh-shábháilte
  • Lastóirí tine, breosla lastóra, péinteanna, tanaitheoirí
  • Nimheanna, arsanaic, ciainíd, fiailnimheanna
  • Ábhair radaighníomhacha, aigéid, ábhair chnaíteacha, alcailí, sóid loiscneach .
  • Créasóid, aol beo, páipéar smeartha le hola
  • Comhchodanna de chóras breosla feithiclí a mbíodh breosla iontu

 4. Cén t-am gur chóir dom a bheith ag an aerfort chun clárú do m'eitilt?

Déan do thicéad a sheiceáil nó déan teagmháil le d'aerlíne chun comhairle a fháil ar amanna cláraithe más é do thoil é, ach mar threoir ghinearálta:

Eitiltí cianaistir - osclaíonn deasc cláraithe trí uair roimh imeacht.
Eitiltí Eorpacha - osclaíonn deasc cláraithe dhá uair roimh imeacht.
Eitiltí ón RA agus ó Éirinn - osclaíonn deasc cláraithe uair amháin roimh imeacht.

5. Cén áit gur féidir liom eitilt díreach ann ó Aerfort Bhaile Átha Cliath?

Féach ár léarscáil sprice

6. Cad é an seoladh do Aerfort Bhaile Átha Cliath?

Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath, Éire

7. Cé mhéad paisinéir a thaistealaíonn trí Aerfort Bhaile Átha Cliath?

 Taistealóidh 20 milliún paisinéir trí Aerfort Bhaile Átha Cliath i 2006.