Change language: English »

At The Airport

Seirbhís do Chustaiméirí

Tá rún daingean ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC) na seirbhísí agus na háiseanna is fearr agus is féidir a sholáthar do chuairteoirí ar an aerfort  - do phaisinéirí agus iad siúd atá in éineacht leo nó ag buaileadh leo araon.  Tá an gealltanas seo á thairiscint i bpáirtíocht le líon soláthróirí seirbhíse eile - ina measc na haerlínte, gníomhairí láimhsithe, lamháltais agus gníomhaireachtaí rialtais eile.

Mar chuid dár n-iarracht timpeallacht shábháilte, ghlan agus fháiltiúil a sholáthar, déanann an tÚdarás monatóireacht leanúnach ar aiseolas custaiméara agus sásúlacht tré thaighde margaidh leathan agus aiseolas díreach ó chustaiméirí.

Tá baill foirne ó Chúram Custaiméirí ar fáil chomh maith ag suíomhanna tré chumar an aerfoirt chun cuidiú a thabhairt do chuairteoirí le haon riachtanais a bheadh acu. Tá ár nDeasc Eolais Custaiméara lonnaithe ar an leibhéal Teachta, áit a bheidh baill foirne sásta cúnamh a thabhairt duit le haon fhiosruithe.

Mar chuid dár ngealltanas leanúnach taithí an phaisinéara a fheabhsú go mór ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, tá an t-Údarás  tar éis tabhairt faoi chlár forbartha €1.2 billiún a chuirfidh críochfort nua agus piaraí breise ar fáil sna blianta romhainn.