Change language: English »

At The Airport

Bagáiste

Tá oifig an bhagáiste ar fáil in Atriam an Charrchlóis, díreach trasna an bhóthair ón gCríochfort, le haghaidh bagáiste a stóráil go gearrthéarmach agus go fadtéarmach. 

Bíonn an tsaoráid ar oscailt ón 06.00 go 23.00 gach lá, agus braitheann na rátaí ar mhéid an bhagáiste. Tá an tseirbhís iompair Greencaps ar fáil sna Limistéir Imeachtaí agus Teachtaí chun cuidiú le paisinéirí lena mbagáiste.

Tá rátaí grúpaí agus turais speisialta ar fáil chomh maith le pacáiste seirbhíse feidhmeannach freisin. Is féidir socruithe a dhéanamh go mbuailfidh na doirseoirí leat sa charrchlós agus go dtabharfaidh siad do bhagáiste chuig an gcríochfort lena chlárú.

Tá saoráid coinneála eochracha cairr ar fáil do phaisinéirí, ar tháille, le Greencaps, in Atriam an Charrchlóis. Ní mór don té a ainmnítear chuige sin na heochracha a bhailiú. Ní mór don té sin aitheantas i bhfoirm grianghraif a bheith acu nuair a bhailíonn siad na heochracha. Caithfidh an té a fhágfaidh eochracha tagairt d'ionad páirceála a gcairr a thabhairt.

Chun breis sonraí a fháil, cuir glaoch ar Greencaps ag (01) 814 4633.