At The Airport

VIP

Imeacht

Bí linn 75 nóiméad roimh d'am imeachta agus lig dúinne tú a sheiceáil isteach! Bain an strus as do thuras agus tóg go bog é i gcompord ár Seomra VIP sula n-imíonn tú.  Déanfaimid tú a thiomáint go dtí d'eitleán, fiú.

Teacht

Más mian leat úsáid a bhaint asainn nuair a thagann tú, beidh muid ag d'eitleán ag fanacht chun tú a thiomáint ar ais chuig an Seomra VIP.  Tabharfaimid cúnamh duit a theacht tríd Inimirce agus Custaim chomh tapa agus is féidir freisin.

Déanaimid iarracht ár seirbhís a chur in oiriúint do riachtanais gach aoi.  Is féidir iarratais speisialta a dhéanamh, agus más féidir, freastalófar orthu.

Rátaí ó chomh híseal le €200 fillte.

Áiseanna atá ar Fáil

  • Rochtain Idirlín gan Sreang
  • Ionad Gnó
  • Seomra Ceatha
  • Páirceáil - Carrchlós VIP (€30 in aghaidh an lae).

Táimid oscailte ó 0700 go dtí 2200 (beidh formhuirear de 25% i gceist má bhíonn orainn oscailt ón 0530).

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ar ár seirbhís, is féidir leat dul i dteagmháil linn ag:
Foirm: foirm iarratais ar líne
Fón póca: + 353 87 235 4892 (7 lá)
Teil: + 353 1 814 4895. 
Fax:  + 353 1 814 4890