Top Level Content Navigation:
Tá an láithreán seo díreach seolta agus i láthair na huaire tá iniúchadh inrochtaineachta á dhéanamh air. Beidh ráiteas níos cuimsithí maidir leis na treoirlínte inrochtaineachta a chomhlíonadh ar fáil go gairid. Má tá ceisteanna nó tuairimí agat seol ríomhphost chuig webmaster@dublinairport.com.
Baineadh leas as marcáil shéimeantach struchtúrtha sna leathanaigh seo. Úsáidtear clibeanna H1 i gcomhair na bpríomhtheideal, clibeanna H2 i gcomhair na bhfotheideal agus mar sin ar aghaidh. Is féidir le húsáideoirí léitheoirí scáileáin dul trí ordlathas na gceanntásca trí leas a bhaint as ALT+INSERT+1, ALT+INSERT+2 agus mar sin ar aghaidh.
Tacaíonn an chuid is mó de na brabhsálaithe le naisc áirithe a shroicheadh trí eochracha áirithe ar do mhéarchlár, ar a nglaoitear, 'eochracha rochtana', a bhrú. Brúigh ALT+ eochair rochtana sa chóras Windows nó Control + eochair rochtana sa chóras Macintosh.
Tá na heochracha a leanas sainithe don láithreán seo:
Tá airíonna teidil ag cuid mhaith de na naisc a chuireann síos go mion ar nasc, mura dtugann téacs an naisc cuntas iomlán ar an sprioc cheana féin. Go hiondúil déantar naisc chun an comhthéacs a shoiléiriú agus ní chuirtear téacs naisc an dara uair ar leathanach ar leith.
Is féidir le cuid mhaith brabhsálaithe (lena n-áirítear JAWS, Home Page Reader, Lynx agus Opera) an liosta nasc ar leathanach a bhaint amach le gur féidir leat na naisc a leanúint taobh amuigh den leathanach sin.
Déanann naisc áirithe ar an láithreán fuinneog brabhsálaí nua a oscailt. Ní osclaítear fuinneoga nua riamh gan rabhadh a chur sa téacs.
Cuimsíonn gach íomhá ábhair ar an láithreán seo airíonna ALT tuairisciúla. Cuimsíonn grafaicí atá maisiúil amháin airíonna neamhnitheacha.
Secondary Content Navigation: