Cabhair

Ráiteas Príobháideachais

Baineann an Ráiteas Príobháideachais seo le sonraí pearsanta a bhailítear trí láithreáin ghréasáin Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath. Trí úsáid a bhaint as ár láithreáin glacann tú leis na cleachtais luaite sa Ráiteas seo. Ó am go ham is féidir linn an Ráiteas Príobháideachais a nuashonrú chun riachtanais athraitheacha cosúil le hathruithe sa teicneolaíocht nó sa reachtaíocht a chur san áireamh.

Ráiteas Ginearálta 

Déanann Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath do chearta príobháideachais a urramú go hiomlán, agus ní bhaileoidh sé sonraí pearsanta fút ar an láithreán seo gan cead a fháil uait. Caithfear le haon sonraí pearsanta a thabharfaidh tú d'Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath leis na caighdeáin is airde slándála agus muiníne de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003.


Sonraí Pearsanta a Bhailiú

Ar chodanna áirithe den láithreán, sa chás go bhfuil tuilleadh eolais uait, bailítear sonraí pearsanta chun ceisteanna sainiúla a chuireann tú a fhreagairt.
Ní nochtar aon sonraí pearsanta dúinn agus gnáthbhrabhsáil á déanamh agat. 

Bailiú i gcomhair Eolais Theicniúil

Ní bhaineann an láithreán seo leas as fianáin, ach amháin na fianáin shealadacha a úsáidtear le linn seisiún ionas gur féidir le brabhsálaí an chuairteora cuimhniú ar cén leathanaigh den láithreán a ndearnadh cuairt orthu cheana.  [Féadann cuairteoirí an láithreán seo a úsáid gan aon fheidhmiúlacht a chailleadh má tá fianáin díchumasaithe sa bhrabhsálaí.]

Déantar sonraí teicniúla a thagann as cuairteanna ar ár láithreán a thaifeadadh ag ár Roinn Ríomhghnó ar chúiseanna staitistiúla amháin. Ní bhailítear aon sonraí a ligfeadh dúinn cuairteoirí ar an láithreán a aithint. Ní thaifeadtar ach na sonraí teicniúla seo: seoladh IP fhreastalaí gréasáin an chuairteora; 

  • an fearann barrleibhéil a úsáidtear (mar shampla, .com, .org, .net) 
  • sonraí sruth cliceála a thaispeánann trácht na gcuairteoirí ar an láithreán seo (na leathanaigh a ndearnadh cuairt orthu, na doiciméid a íoslódáladh); 
  • cineál an bhrabhsálaí a úsáideann an cuairteoir.

Úsáidtear cuid den eolas thuas chun staitisticí achomair a chruthú a ligeann dúinn líon na gcuairteoirí ar ár láithreáin a mheas, féachaint cén leathanaigh is mó a dtéitear isteach iontu, agus a chuidíonn le hinúsáidteacht agus inrochtaineacht na láithreán a fheabhsú.

Gluais

Brabhsálaí

An chuid den bhogearraí a ligeann duit leathanaigh ghréasáin a léamh. Samplaí is ea Microsoft Internet Explorer, Netscape Navigator agus Opera.

Seoladh IP

Na sonraí a shainaithníonn do ríomhaire (nó ríomhaire do chomhlachta) i bhfoirm an chóid a úsáidtear do phrótacail an ghréasáin. Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé gur féidir seoladh difriúil a bheith aige gach uair a ndéantar an nasc.

Fianáin

Comhaid bheaga téacs is ea fianáin a chuireann láithreán gréasáin ar do dhiosca crua chun do chuid airíonna ar an láithreán a thaifeadadh nó chun treochta a shainaithint ar chúiseanna staitistiúla.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara má ghlacann tú le fianáin ar ár láithreáin nach nochtann sé sin aon sonraí pearsanta dúinn.
Glacann an chuid is mó de na brabhsálaithe go huathoibríoch le fianáin mar rogha réamhshocraithe, ach go hiondúil is féidir leat diúltú do fhianáin nó glacadh leis na cinn atá uait trí na hairíonna a athrú i do bhrabhsálaí. Is féidir leat a fháil amach conas d'airíonna maidir le fianáin a athrú sna brabhsálaithe mór-éilimh ar na láithreáin seo (osclóidh na naisc seo i bhfuinneog nua)
         Microsoft Internet Explorer: http://www.microsoft.com/info/cookies.htm
         Netscape Navigator: http://www.netscape.com/legal_notices/cookies.html



Sonraí Teagmhála

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait ar bheartas príobháideachais Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath -
Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath
Aerfort Bhaile Átha Cliath
Co Átha Cliath Éire
Ríomhphost: webmaster@dublinairportauthority.com