Cabhair

Láithreán Gréasáin: Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide

Déan cinnte de go mbeidh na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE léite agat (is é sin le rá an t-úsáideoir) go cúramach mar is iad a rialaíonn d'úsáid de Láithreán Gréasáin Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath ag www.dublinairportauthority.com ("an Láithreán" ) agus do rochtain air. Mura nglacann tú leis na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo, ná húsáid an Láithreán seo.

1. ÚINÉIREACHT AN LÁITHREÁIN

Is le hÚdarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (a dtagraítear dó mar "Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath", "sinn", "ár") an Láithreán seo agus is é a fheidhmíonn é. Cuimsíonn "Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath" ár gcuid fochuideachtaí nó cuideachtaí bainteacha agus, sa chás go dteastaíonn ón gcomhthéacs é, ár soláthraithe tríú páirtí agus aon pháirtí eile bainteach le soláthar nó cothabháil an Láithreáin seo. Cuideachta atá cláraithe in Éirinn faoi uimhir 9401 is ea Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath cpt, a bhfuil a oifig cláraithe in Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co Bhaile Átha Cliath, Éire.

2. FEIDHMIÚ AN LÁITHREÁIN

Rialaíonn agus feidhmíonn Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath an Láithreán seo óna oifig in Aerfort Bhaile Átha Cliath, Éire. Cuirtear an t-ábhar ar leathanaigh an láithreáin seo ( a dtagraítear dó mar "eolas" nó "'ábhar") de réir agus faoi réir dlíthe na hÉireann. Feidhmíonn na gnólachtaí a stiúrann fochuideachtaí agus cuideachtaí bainteacha Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath ar fud an domhain agus comhlíonann siad dlíthe na dtíortha ina bhfeidhmíonn siad. Má théann aon ábhar ar an Láithreán seo, nó má tá an leas a bhaineann tú as an Láithreáin i gcoinne dlíthe na tíre ina bhfuil tú i do chónaí, sa chás sin níl an Láithreán seo dírithe ar d'úsáid agus iarrann muid ort gan an Láithreán seo a úsáid. Tá tú freagrach as dlíthe na tíre ina gcónaíonn tú a chomhlíonadh. Forchoimeádann Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath an ceart do rochtain ar an Láithreán seo agus an úsáid a bhaineann tú as a chur ar fionraí nó críoch a chur léi ag am ar bith. Sa chás go dtugtar fógra duit seolfar é chuig an seoladh ríomhphoist a thug tú d'Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus measfar é a bheith seirbheáilte dhá (2) uair i ndiaidh dúinn é a sheoladh.

3. EOLAS FAOIN LÁITHREÁN, FAOINA CHUSPÓIR AGUS FAOI NA NUASHONRUITHE AIR

Feidhmítear an Láithreán seo chun críche eolas ginearálta faoi Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus faoi ghnó a fhochuideachtaí agus a chuideachtaí bainteacha a chur ar fáil. Níl an t-eolas ar an Láithreán seo dírithe ar do shainriachtanais, nó ní féidir é a thuiscint mar thairiscint, spreagadh nó mar iarratas ar Úsáideoirí aon táirgí nó seirbhísí de chuid Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath a cheannach nó a dhíol.  Ní dhíoltar táirgí agus seirbhísí ach amháin ar an gcoinníoll go gcomhlíonann siad dlíthe na dtíortha ina dhíoltar iad. Is féidir le hÚdarás Aerfort Bhaile Átha Cliath an Láithreán seo, an t-eolas ar leathanaigh an Láithreáin, agus na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo a athrú agus a nuashonrú ó am go ham gan é sin a fhógairt. Cuireann an buntásc ag bun leathanach áirithe an Láithreáin seo in iúl cathain a rinneadh na hathruithe ba dheireanaí air. Ba chóir duit na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE reatha a athbhreithniú ó am go ham, óir bainfidh an leagan nuashonraithe leis an úsáid a bhainfidh tú as an láithreán ina dhiaidh sin.


4. SÉANADH

CÉ GO nDEARNA ÚDARÁS AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH GACH BEART RÉASÚNTA CHUN BEACHTAS, ÁBHARTHACHT REATHA, INFHAIGHTEACHT, SLÁNDÁIL, CRUINNEAS AGUS IOMLÁINE AN EOLAIS AR AN LÁITHREÁN SEO A DHEIMHNIÚ, TUGTAR AN t-EOLAS AR AN mBUNÚS "MAR ATÁ SÉ", "LENA CHUID LOCHTANNA" AGUS "MAR ATÁ SÉ AR FÁIL". CHOMH FADA IS A LIGEANN AN DLÍ INFHEIDHMITHE DÓ SÉANANN ÚDARÁS AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH GACH BARANTÁS, COINNÍOLL AGUS TÉARMA DE GACH CINEÁL (ACH AMHÁIN DUALGAIS A BHAINEANN LE hINTINN MHAITH), CIBÉ SAINRÁITE NÓ INTUIGTHE, AR A N-ÁIRÍTEAR GAN TEORAINN BARÁNTAIS INTUIGTHE NÓ COINNÍOLLACHA CÁILÍOCHTA, OIRIÚNACHT DO SHAINCHUSPÓIR, TEIDEAL, TAITNEAMH SUAIMHNEACH NÓ NEAMHSHÁRÚ CEARTA MAOINE INTLEACHTA. NÍ BHEIDH DLITEANAS AR ÚDARÁS AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH MAIDIR LE hAON CAILLTEANAS NÓ DAMÁISTE INDÍREACH NÓ IARMHARTHACH IS CUMA CONAS A THARLAÍONN SÉ, MAR THORADH AR TÚ A BHEITH AG BRATH AR AN EOLAS SEO BÍODH SÉ ÚDARÁSAITHE NÓ MÍÚDARÁSAITHE, GO DTÍ AN tUASMHÉID A LIGEANN AN DLÍ INFHEIDHMITHE, FIÚ AMHÁIN SA CHÁS GUR CUIREADH IN IÚL D'ÚDARÁS AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH GO mBEADH A LEITHÉID DE CHAILLTEANAS NÓ DAMÁISTE I gCEIST. BEIDH DLITEANAS ÚDARÁS AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH MAIDIR LE CAILLTEANAS DÍREACH NÓ DAMÁISTE, IS CUMA CONAS A THARLAÍONN SÉ, MAR THORADH AR AN ÚSÁID A BHAINEANN TÚ AS AN EOLAS SEO, BÍODH SÉ ÚDARÁSAITHE NÓ MÍÚDARÁSAITHE, NÓ GO RAIBH TÚ AG BRATH AIR,  TEORANTA DO ÚDARÁS AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH AG CEARTÚ NÓ AG ATHCHUR AN tEOLAS.  MÁ ÍOSLÓDÁLANN TÚ AON ÁBHAR DEN LÁITHREÁN DÉANTAR FAOI DO DHISCRÉID FÉIN AGUS AR DO PHRIACAL FÉIN É. IS TÚ FÉIN AMHÁIN A BHEIDH FREAGRACH AS AON SONRAÍ A CHAILLTEAR NÓ AON DAMÁISTE A DHÉANTAR DO DO RÍOMHAIRE MAR THORADH AR A LEITHÉID DE ÍOSLÓDÁIL. NÍ LIGEANN ROINNT TÍORTHA BARÁNTAIS ÁIRITHE A BHEITH EISIATA NÓ DLITEANAS A BHEITH TEORANTA NÓ EISIATA I gCÁS AN BHÁIS NÓ GORTAITHE PHEARSANTA, MAR SIN IS FÉIDIR NACH mBAINEANN CUID DE NA TEORAINNEACHA THUAS LEAT. NÍ BHEIDH AON TIONCHAR AG NA TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE SEO AR CHEARTA REACHTÚLA ÚSÁIDEOIRÍ A PHLÉANN LE hÚDARÁS AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH MAR THOMHALTÓIRÍ.

5. NAISC CHUIG LÁITHREÁIN EILE

Téann naisc áirithe ar an Láithreán seo chuig láithreáin ghréasáin domhanda arna cothabháil ag cuideachtaí agus tríú páirtithe de chuid ghrúpa Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tugtar na naisc seo ar mhaithe le do chaoithiúlacht. Níl an t-eolas ar fad sna láithreáin seo athbhreithnithe againn agus nílimid freagrach as infhaighteacht nó ábhar aon láithreán eile (nó aon láithreán a bhfuil nasc chucu ar na láithreáin sin) nó as aon earraí nó seirbhísí a thairgtear ar aon láithreáin eile.  Is féidir le heolas a bheith ar láithreán tríú páirtí a n-aontaíonn nó nach aontaíonn Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath leis agus ní cóir glacadh leis go bhformhuiníonn naisc chuig na láithreáin sin an t-ábhar atá orthu. D'fhéadfadh téarmaí agus coinníollacha difriúla a bhaint le húsáid na láithreán a bhfuil naisc chucu. Ní féidir leat an Láithreán seo a chur i bhfráma nó nasc a chur chuige gan cead a fháil i scríbhinn ó Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath.

6. RÍOMHPHOST, SLÁNDÁIL AGUS PRÍOBHÁIDEACHAS

Tá bearta réasúnta ó thaobh an ghnó de déanta ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath le slándáil do chumarsáide leis an Láithreán seo a chinntiú, agus tá na sonraí leagtha amach i ráiteas príobháideachais agus slándála Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, atá ar fáil ach é a iarraidh. Níl feidhm ag an ráiteas príobháideachais agus slándála i gcás láithreán tríú páirtí. Agus an Láithreán seo á úsáid aige glacann an tÚsáideoir gur féidir le tríú páirtithe cur isteach ar ríomhphost ag trasnú an Idirlín. Mar thoradh air sin, ní féidir le hÚdarás Aerfort Bhaile Átha Cliath príobháideachas nó rúndacht aon eolais a bhaineann leis an Úsáideoir ag trasnú an Idirlín a ráthú. Mar Úsáideoir beidh tú freagrach as do chumarsáid leis an Láithreán seo, lena n-áirítear a dlíthiúlacht, fírinne agus cruinneas. Ach go háirithe, ach gan teorainn, ní cóir duit aon ábhar mídhleathach, bagrach, clúmhillteach nó gáirsiúil nó aon ábhar a bhféadfadh cion coiriúil agus/nó dliteanas sibhialta a leanúint mar thoradh air in aon dlínse ábhartha a chur ar an Láithreán seo. Tá sé faoi do dhíscréid féin go hiomlán aon eolas a sheoladh chuig Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear iarratais ar phostanna, a bhféadfaí a chur ar an Láithreán seo. Cé go bhfuil Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi réir reachtaíocht infheidhmithe um chosaint sonraí , is féidir le hÚdarás Aerfort Bhaile Átha Cliath eolas nach eolas pearsanta é a úsáid, de réir mar is cuí dar linn chun an réimse seirbhísí a chuirimid ar fáil do chustaiméirí agus sholáthraithe a fheabhsú. Tá ár ráiteas príobháideachais agus slándála ar fáil ach é a iarraidh.

7. FÓGRAÍOCHT

D'fhéadfadh fógraíocht agus urraíocht a bheith ar chuid den Láithreán. Tá fógróirí agus urraitheoirí freagrach as cinntiú go gcomhlíonann ábhar a chuirtear isteach le bheith ar an Láithreán dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ní bheidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath freagrach as aon earráid nó míchruinneas san ábhar fógraíochta.

8. FÓGRA CÓIPCHIRT AGUS CEADÚNAIS

Maoin de chuid Aerfort Bhaile Átha Cliath nó a cheadúnóirí is ea gach eolas ar an Láithreán seo, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do, ábhar, rogha agus leagan amach an téacs, íomhánna, grafaicí, beochan, físeáin, ceol, fuaimeanna agus ábhair eile, agus tá siad cosanta ag dlíthe náisiúnta agus idirnáisiúnta cóipchirt, trádmhairc agus eile.  Is féidir leat an Láithreán seo a bhrabhsáil nó cóipeanna de ábhair a phriontáil nó a íoslódáil ar ríomhaire amháin chun cuspóra neamhthráchtála le húsáid i do thimpeallacht tí [nó oibre], ag glacadh leis go gcoinníonn aon chóipeanna meicniúla nó leictreonacha a gcóipcheart agus aon fhógra agus séanadh dílsithe eile. Ní thugtar cead aon athrú a dhéanamh ar eolas an Láithreáin seo agus tá gach ceart nach dtugann muid d'aon ghnó sna TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo ar cosaint. Ní ligeann an ceadúnas teoranta atá leagtha amach thuas i dtaca le hábhair a fótachóipeáil an t-ábhar nó aon chuid de a chur in aon saothar nó fhoilseachán eile is cuma más cruachóip, foirm leictreonach nó eile atá i gceist. Ní féidir ach go háirithe, ach gan teorainn, aon ábhar ar an Láithreán seo a chóipeáil nó a dháileadh chun cuspóra tráchtála. Ní féidir aon ábhar ar an Láithreán seo a atáirgeadh nó a tharchur nó a stóráil ar aon láithreán gréasáin eile ná in aon chóras leictreonach aisghabhála eile.

9. FÓGRA TRÁDMHAIRC

Trádmharcanna, marcanna seirbhíse, nó ainmneacha trádála de chuid Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, a cheadúnóirí nó chomhpháirtithe i gcomhfhiontair, más cuí, is ea ainmneacha gach earra, gach samhla, sluáin, lógónna, agus feathail a dtagraítear dóibh ar an Láithreán seo, más i gcló mór nó beag iad nó le siombail an trádmhairc nó "TM" (na "Marcanna"). Tá gach ceart sna Marcanna ar cosaint agus ní thugtar aon cheadúnas nó ceart maidir lena n-úsáid d'Úsáideoirí. Ina theannta sin tá cosc ar úsáid nó mí-úsáid na Marcanna.

10. DLÍ RIALAITHE

Dearadh an Láithreán seo chun dlíthe na hÉireann a chomhlíonadh. Tá úsáid an Láithreáin seo faoi réir dlíthe na hÉireann (seachas Tuaisceart Éireann) a rialóidh go heisiatach tuiscint, feidhmiú agus éifeacht na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE. Beidh dlínse eisiatach ag cúirteanna na hÉireann ar gach éileamh nó agóid a thagann as an Láithreán seo agus a úsáid nó a bhaineann leo. Má fhaightear go bhfuil aon fhoráil de na TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo mídhleathach, neamhnitheach nó do-fhorfheidhmithe ar chúis ar bith, measfar go mbeidh an fhoráil sin scartha agus nach mbeidh tionchar aici ar bhailitheacht agus in-fhorfheidhmitheacht an chuid eile de na forálacha.

11. COMHAONTÚ AR FAD

Tá an comhaontú ar fad idir na páirtithe maidir leis an úsáid a bhaineann tú as an Láithreán seo sa TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE seo.

© 2004 Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath cpt, Gach ceart ar cosaint. Nuashonraithe go deireanach 1 Deireadh Fómhair, 2004