Top Level Content Navigation:
Tá gach deasc cláraithe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath
lonnaithe ar an dara hurlár d'fhoirgneamh an chríochfoirt. Taispeántar uimhreacha agus cinn scríbe na n-eitiltí
amach ar fad sna painéil faisnéise os cionn limistéir
cláraithe 7 agus 8. Taispeánfaidh na painéil seo an limistéar cláraithe inar chóir
duit clárú do d'eitilt. Bíonn tráthanna cláraithe difriúla ag aerlínte difriúla. Téigh
i dteagmháil leis an aerlíne nó le hionadaí na haerlíne le haghaidh
comhairle shonrach faoi thráthanna cláraithe a fháil.
Soláthraíonn ár léarscáil idirghníomhach den urlár imeachtaí sonraí
breise.
Mar threoir ghinearálta,
Tá féinchlárú (.i., clárú ar líne agus bothanna féinchláraithe) ar fáil do roinnt
paisinéirí atá ag eitilt amach ón aerfort. Baineann roinnt aerlínte sceidealta úsáid
as clárú ar líne agus teicneolaíochtaí gréasáin chun clárú luath, roghnú
suíocháin agus eisiúint cártaí bordála a chur ar fáil dá
bpaisinéirí.
Bealach maith é sin le ham a shábháil ar do thuras. Roghnaigh ó na naisc aerlínte thíos le fáil amach an bhfuil an
tseirbhís seo á cur ar fáil do do cheann scríbe. Cabhróidh foireann na
haerlíne leat chun é seo a dhéanamh, más gá.
Ag eitilt le Ryanair ó Bhaile Átha Cliath .
Ag eitilt le hAer
Lingus ó Bhaile Átha Cliath
Ag eitilt le bmi ó Bhaile Átha Cliath
Ag eitilt le Scandanavian Airlines ó Bhaile Átha Cliath
.
Ag eitilt le British Airways ó Bhaile Átha Cliath
Ag eitilt le hAir France ó
Bhaile Átha Cliath
Coinnigh súil ar do chuid bagáiste agus bí cúramach le cártaí
creidmheasa, pasanna agus cáipéisí tábhachtacha eile agus tú ag baint feidhm
as bothanna féinchláraithe san aerfort.
Coinnigh súil ar na scáileáin
faisnéise atá scaipthe ar fud na limistéar siopadóireachta agus bordála. Taispeánann na scáileáin seo
na heitiltí amach do do cheann scríbe, mar aon le tráthanna
bordála agus uimhreacha geata. Go hiondúil, tosaíonn bordáil timpeall is 45
roimh am imeachta, D'fhéadfadh sé seo bheith difriúil i gcás eitiltí cianaistir agus
gearraisti.
Secondary Content Navigation: