Déan cinnte go mbeidh tú ullmhaithe le haghaidh gach gné de do thuras - lena n-áirítear taisteal chuig an aerfort agus ón aerfort ar an dá eitilt, airgeadra coigríche, óstáin, árachas taistil agus fruiliú cairr.
Faigh eolas nuashonraithe sa Roinn Gnóthaí Eachtracha faoin tír a bhfuil tú ag taisteal chuici.
Déan cinnte go bhfuil do phas bailí ar feadh ar a laghad trí mhí ó dháta an turais (i gcás roinnt ceann scríbe ní mór dó sin a bheith níos faide) agus go mbeidh an víosa agus an teastas sláinte riachtanach agat (más infheidhmithe) le dul isteach sa tír.
Seiceáil cad iad na vacsaíní (más ann dóibh) a theastóidh don turas, agus déan cinnte go mbeidh do dhóthain ama agat lena bhfáil sula bhfágann tú - bíonn ar roinnt ionad sláinte iad a ordú isteach.
Chun breis eolais a fháil ar ábhar a
bhaineann le sláinte, téigh chuig láithreán gréasáin na Roinne Sláinte.