Change language: English »

Plan Your Trip

Pasanna agus Víosaí

Má bhíonn tú ag taisteal go hidirnáisiúnta, is iondúil go dteastaíonn pas bailí uait. I gcomhair tíortha áirithe, ní mór do phas a bheith bailí ar feadh ar a laghad sé mhí i ndiaidh an dáta ar a bhfuil sé i gceist agat filleadh, agus is féidir freisin go dteastódh víosa uait. Ba chóir duit i gcónaí riachtanais iontrála na tíre chuig a bhfuil tú ag taisteal a sheiceáil roimh duit taisteal agus dóthain ama a thabhairt i gcomhair athnuachan do phas agus/nó iarratas a dhéanamh ar víosa ag an ambasáid nó consalacht cuí.

Nod: Téann pasanna amú agus tógann sé am iad a athsholáthar. Is féidir leat do shaol a dhéanamh níos furasta trí fhótachóipeanna de do phas a thabhairt leat. B'fhéidir gurbh fhiú freisin aitheantas eile le grianghraf a iompar agus gan é a bheith in éineacht le do phas. 

Má chailltear nó má ghoidtear do phas ní mór duit é a insint don Oifig Pas  nó don Ambasáid nó Consalacht Éireannach is gaire duit. Nó cur glaoch ar an uimhir éigeandála 24-uair +353 1 478 0822.