Plan Your Trip

Slándáil an Aerfoirt

Is tosaíocht mhór de chuid Aerfort Bhaile Átha Cliath í do shábháilteacht agus do shláinte.  Beidh tú faoi réir ag roinnt seiceálacha slándála am ar bith a thaistealaíonn tú ar eitleán. Baineann formhór na seiceálacha slándála sin leis an méid dá bhfuil cead agat a thabhairt leat ar bord an eitleáin. Seiceálfar an bagáiste a bheidh ar iompar agat agus an bagáiste a bheidh agat nuair a chlárófar tú, de láimh agus/nó trí threalamh leictreonach, lena chinntiú nach bhfuil substaintí a d'fhéadfadh a bheith contúirteach ar iompar agat, nó ábhar a d'fhéadfadh bagairt a dhéanamh ar na paisinéirí agus ar an gcriú nó do shlándáil agus sábháilteacht an eitleáin.Your safety and security is Dublin Airport's top priority. 

Moltar do phaisinéirí díreach píosa AMHÁIN bagáiste láimhe a bheith ar iompar acu. Ba chóir ábhair ghéara a thógáil amach as an mbagáiste a bheidh tú a iompar agus iad a chur sa bhagáiste a chlárófar.

Seiceáil go bhfuil d'eitilt in am sula bhfágann tú an t-aerfort agus deimhnigh an t-am a éilíonn d'aerlíne ort clárú.  Molann Aerfort Bhaile Átha Cliath duit teacht chuig an aerfort ar a laghad 90 nóiméad sula bhfágann an eitilt.  Bí foighneach le do thoil má bhíonn ort fanacht i scuaine ag deasca cláraithe, rialú slándála, nó ag do gheata - cinntíonn na seiceálacha slándála a dhéanaimid nuair a théann tú tríd an aerfort go mbíonn gach paisinéir slán sábháilte. Bíonn cainéal slándála paisinéirí tiomnaithe i gcás eitiltí intíre na hÉireann i bhfeidhm ag buaic-thréimhsí i limistéar Geataí Imeachta "A" i gcríochfort na bpaisinéirí. 

Noda Pacála

Cuidigh linn na scuainí a laghdú ag rialú slándála trína chinntiú nach bpacálann tú ábhair a bhfuil cosc orthu sa bhagáiste a bhíonn ar iompar agat ná sa bhagáiste a chláraíonn tú. Tá sonraí sa liosta thíos de na hábhair nach féidir a phacáil sa bhagáiste a bhíonn ar iompar agat. Ní mór iad a chur sa bhagáiste a chláraíonn tú. Iarrfar ort na nithe seo a thabhairt ar láimh le fáil réidh leo má fhaightear iad sa bhagáiste a bheidh ar iompar agat.

  • Siosúr (ach amháin cinn le dhá lann cheannchruinne nó níos lú ná trí  cheintiméadar)
  • Ceadaítear lanna rásúir áit a bhfuil an lann socruithe i múnla plaisteach, ach cuirtear cosc ar rásúir ar féidir iad a oscailt agus an lann rásúir a bhaint amach)
  • Sceana le lanna ar aon chineál faid
  • Sceanra tí (ceadaítear spúnóga)
  • Snáthaidí hipideirmeacha (mura dteastaíonn siad ar chúiseanna leighis, agus teastaíonn cruthúnas sa chás sin)
  • Uirlisí (lena n-áirítear iluirlisí agus sceana póca)
  • Crainn tabhaill
  • Corcscriúnna*
  • Cuaillí siúlóide/fánadóireachta
  • Gunnaí bréige/aithrise (miotal nó plaisteach)
  • Slacáin spóirtiúla
  • Raicéid leadóige
  • Dairteanna
  • Ciúnna billéardaí, snúcair nó púil

Tá roinnt rudaí nach féidir a thabhairt ar bord eitleáin ar chúiseanna sábháilteachta, ná pacáil mar sin in aon bhagáiste iad le do thoil (bagáiste a bheidh ar iompar agat nó ag an gclárú):

  • Solaid agus leachtanna inladhainte
  • Ocsaídeoirí, mar phúdair thuartha 
  • Sárocsaídí orgánacha
  • Gairis deorgháis nó aon sorcóirí gáis
  • Substaintí aicídeacha, mar ábhair le víris bheo
  • Cadhnraí cairr fhliuch-cheall
  • Maighnéatróin
  • Uirlisí le mearcair iontu
  • Uirlisí le maighnéid iontu
  • Tinte ealaíne
  • Cipíní solais neamh-shábháilte
  • Adhantaithe, breosla lastóra, péinteanna, tanaitheoirí
  • Nimheanna, arsanaic, ciainíd, fiailnimheanna
  • Ábhair radaighníomhacha,  aigéid, ábhair chnaíteacha, alcailí, Sóda loiscneach
  • Créasóid, aol beo, páipéar smeartha le hola
  • Comhchodanna de chóras breosla feithiclí a mbíodh breosla iontu

 Ba mhaith le hAerfort Bhaile Átha Cliath buíochas a ghabháil lena gcuid paisinéirí ar fad as ucht a gcomhoibriú le gnáthaimh shlándála.