Change language: English »

Plan Your Trip

Noda agus Comhairle

Amanna cláraithe

Seiceáil do thicéad nó téigh i dteagmháil le d'aerlíne chun comhairle a fháil ar amanna cláraithe, ach mar threoir ghinearálta:

  • Eitiltí cianaistir - bíonn an deasc cláraithe ar oscailt trí huaire an chloig sula bhfágann an eitilt .
  • Eitiltí chuig an Eoraip, chuig an RA agus eitiltí intíre - osclaíonn an deasc cláraithe dhá uair sula bhfágann an eitilt .

Pasanna agus Víosaí

Má tá tú ag taisteal chuig tír eile is iondúil go dteastaíonn pas bailí. Teastaíonn ó roinnt tíortha go mbeidh do phas bailí ar a laghad sé mhí ón dáta a bhfuil sé ar intinn agat filleadh agus seans go mbeidh ort víosa a fháil freisin.

Fótachóipeanna de Dhoiciméid Thábhachtacha

Bíodh fótachóipeanna de gach doiciméad tábhachtach agat (ticéid, pasanna, víosaí, foirm E111, árachas taistil, ceadúnas tiomána, srl.) agus ná coinnigh leis na leaganacha bunaidh iad. Má tá beirt nó níos mó daoine ag taisteal leat d'fhéadfá fótachóipeanna a mhalartú eadraibh chun an seans go gcaillfí na doiciméid a laghdú. Má chailltear nó má ghoidtear do phas ní mór duit é sin a chur in iúl d' Oifig na bPasanna nó don Ambasáid nó don Ambasáid nó don Chonsalacht Éireannach is gaire duit. Nó cuir glaoch ar an uimhir éigeandála 24 uaire  +353 1 478 0822.

Árachas taistil

Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha do gach duine atá ag taisteal thar lear mar gheall ar obair nó phléisiúr árachas taistil a fháil roimh thaisteal dóibh.  Má tá árachas taistil fós uait cén fáth nach gceannaíonn tú ar líne é ag an gcuid den láithreán Pleanáil Do Thuras.

Airgeadra Coigríche

Cé go nglacann an chuid is mó de ghnóthaí le cártaí creidmheasa agus dochair, is fearr airgead tirim a úsáid do rudaí beaga cosúil le tacsaithe, sneaiceanna agus séisíní. Is féidir airgeadra coigríche a cheannach in aon cheann den dá áis Bureau de Change ag an aerfort, Banc na hÉireann nó ICE.    Féach an léarscáil idirghníomhach chun fáil amach cá bhfuil siad suite.

Clárú féinseirbhíse

Pleanáil an t-am a chaitheann tú san aerfort, seachain na scuainí agus roghnaigh do shuíochán. Ag brath ar do phointe imeachta, ar an aerlíne a bhfuil tú ag taisteal leis, ar chineál do thicéid agus ar do cheann scríbe b'fhéidir go mbeidh tú in ann clárú ar líne nó leas a bhaint as na bothanna féinseirbhíse san aerfort. Faigh tuilleadh eolais faoi na roghanna féinchláraithe ag d'aerfort imeachta.

Sláinte agus leigheas

Má tá amhras ar bith ort faoi thaisteal agus tinneas nó riocht leighis ort ba chóir dul i gcomhairle le do dhochtúir. Má tá druga ar oideas á tógáil agat bíodh dóthain díobh agat don turas ar fad, óir seans nach mbeidh sé éasca nó saor an t-oideas do na druga céanna a fháil thar lear.

Ag taisteal go dtí agus ón aerfort

Is féidir ár láithreán a úsáid chun do thuras chuig an aerfort a phleanáil pleanáil do thuras - roghnaigh an cnaipe Chuig an Aerfort agus Ón Aerfort ar bharr an leathanaigh agus aimseoidh tú eolas faoi na roghanna iompair atá ar fáil. Bíodh plean teagmhasach agat do do thuras ar fhaitíos go dtarlódh moill bhóthair nó iarnróid

Bagáiste riachtanach

Ná déan dearmad cuibheoirí, luchtairí ceallra, fearas garchabhrach, leabhar frásaí, éarthach feithidí, lóis ghréine más cuí do do cheann scríbe, a phacáil. Má dhéanann tú dearmad ar aon rud, ná bí buartha, gheobhaidh tú na hearraí taistil atá uait i gceann den iliomad siopaí san aerfort.

Allmhairí bia mídhleathacha

Má tá tú ag taisteal taobh amuigh den AE, ní mór eolas a bheith agat faoi na hearraí bia is féidir agus nach féidir a thabhairt ar ais leat go hÉirinn. Tá cosc ar fheoil, thoradh déiríochta, éisc agus sliogéisc agus ar phlandaí agus ghlasraí áirithe chomh maith. Má fhaightear iad gabhfar iad,  cuirfear moill fhada ort agus b'fhéidir go mbeadh ort fíneáil a íoc nó go ndéanfaí tú a ionchúiseamh. Tá an Roinn Talmhaíochta ag iarraidh an baol ó ghalair ainmhithe choimhthíocha nó ó phlánna agus galair phlandaí a theacht isteach sa tír a laghdú, óir is bagairt iad ar ár sláinte phoiblí, bheostoc, thionscail talmhaíochta agus gairneoireachta agus ar an gcomhshaol.  Faigh tuilleadh eolais.