Pacáil
Bagáiste Láimhe
Ná cuirtear na hearraí a leanas i do bhagáiste láimhe. Ní mór iad a chur i mbagáiste an bhoilg lasta. Iarrfar ort na hearraí seo a thabhairt suas le haghaidh diúscartha má fhaightear i do bhagáiste láimhe iad:
- Siosúr (ach amháin má tá dhá lann cruinne aige nó má
tá sé níos lú ná trí ceintiméadar ar fhad)
- Ceadaítear lanna rásúir áit a bhfuil an lann
socraithe i múnla plaisteach, ach cuirtear cosc ar rásúir ar féidir iad a
oscailt agus an lann rásúir a bhaint amach)
- Sceana is cuma cén fhad atá ag na lanna.
- Sceanra tí (ceadaítear spúnóga)
- Snáthaidí hipideirmeacha (mura dteastaíonn siad ar
chúiseanna leighis, agus teastaíonn cruthúnas sa chás sin)
- Uirlisí (lena n-áirítear iluirlisí agus sceana póca).
- Crainn tabhaill.
- Corcscriúnna.
- Cuaillí siúlóide/fánadóireachta.
- Gunnaí bréige/aithrise (miotal nó plaisteach).
- Slacáin spóirt, raicéid leadóige.
- Dairteanna.
- Ciúnna billéardaí, snúcair nó púil.
Conas bagáiste láimhe a phacáil
- Faigh amach cén meáchan a cheadaíonn d'aerlíne i
gcomhair bagáiste láimhe agus ná sáraigh é seo .
- Ná cuir clúdach ar bhronntanais - seans go mba mhian
leis na foirne slándála amharc orthu go mion agus go mbainfidh siad an clúdach
díobh.
- Déan cinnte de go gcuirfidh tú do chógas i do
bhagáiste láimhe agus go mbeidh dóthain agat sa chás go mbeidh moill ar do
bhagáiste ag do cheann scríbe. Ar an gcúis chéanna is fiú lionsaí tadhaill
agus spéaclaí breise a thógáil leat i do bhagáiste láimhe.
- Ná tóg ach na hearraí leictreonacha is gá agus cuir
san áireamh go mb'fhéidir go dteastódh tuilleadh ama chun iad a scagadh.
- Ná tóg rud ar bith leat ar an eitleán ar son duine éigin eile.
Bagáiste an Bhoilg Lasta
Ar chúiseanna sábháilteachta ní féidir earraí áirithe a bheith agat ar aon eitleán, mar sin ná cuir i do bhagáiste iad (bagáiste láimhe nó boilg)
- Solaid agus leachtanna inadhainte.
- Ocsaídeoirí, mar phúdair thuartha.
- Sárocsaídí orgánacha.
- Gairis deorgháis nó aon sorcóirí gáis.
- Substaintí aicídeacha, mar ábhair a bhfuil víris bheo
iontu.
- Cadhnraí cairr a úsáideann cealla fliucha.
- Maighnéatróin.
- Uirlisí le mearcair iontu.
- Uirlisí le maighnéid iontu.
- Tinte ealaíne.
- Lasáin neamh-shábháilte.
- Lastóirí tine, breosla lastóra, péinteanna,
tanaitheoirí.
- Nimheanna, arsanaic, ciainíd, fiailnimheanna.
- Ábhair radaighníomhacha, aigéid, ábhair chnaíteacha,
alcailí, sóid loiscneach.
- Créasóid, aol beo, páipéar smeartha le hola.
- Comhchodanna de chóras breosla feithiclí a mbíodh
breosla iontu