Change language: English »

Plan Your Trip

Ag Taisteal le Peataí

Tá na rialacha maidir le hiompar ainmhithe casta agus athraíonn siad ó thír go tír agus ó aerlíne go haerlíne. Moltar duit dul i dteagmháil leis na húdaráis sa tír a bhfuil tú ag taisteal chuici, agus eolas a lorg ó d'aerlíne nó ó ghníomhaireacht taistil a phléann le peataí sula ndéanann tú do thuras a phleanáil.
Aerlínte

De bharr gur minic an spás a bheith teoranta, ní iompraíonn aerlínte ainmhithe ach amháin sa chás go ndearnadh réamhshocruithe. Tá an dá rogha ann agus beidh d'aerlíne in ann a rá leat cén tseirbhís a thairgeann sé:

  • Bagáiste a ghabhann le paisinéir - glacfaidh an chuid is mó de na haerlínte le hainmhithe mar bhagáiste a ghabhann le paisinéir má chuirtear i gcoimeádán oiriúnach iad. Taistileoidh siad sa chábán bagáiste, áit is féidir timpeallacht oiriúnach a chothabháil
  • Lastas aeir - féadann úinéirí socrú go dtaistealóidh a n-ainmhithe mar lastas aeir gan taisteal iad féin.