Change language: English »

To & From The Airport

Ar an mBus & Cóiste

Téann os cionn 700 bus agus cóiste chuig Aerfort Bhaile Átha Cliath ar bhonn laethúil. Is féidir leat go leor ceantar a shroicheadh i mBaile Átha Cliath agus timpeall air ón aerfort, chomh maith le roinnt áiteanna lasmuigh den phríomhchathair. Chun breis eolais a fháil ar sheirbhísí a sholáthraíonn na hoibreoirí bus nó cóiste atá liostaithe thíos, cliceáil ar a n-ainm nó ar an lógó.

Cathair Bhaile Átha Cliath agus Ceantair Máguaird

Cuideachta Bhus SonraíLáithreán Gréasáin
Bus Átha Cliath Tairgeann Bus Átha Cliath go leor bealaí taistil ar fud Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear bus luaise chuig Stáisiúin Traenach Heuston agus Uí Chonghaile.

Dublin Bus

AircoachTairgeann Aircoach seirbhís as Aerfort Bhaile Átha Cliath chuig lár na cathrach agus deisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Bíonn an tseirbhís ar siúl 24 uair an chloig sa ló. Stopann an tseirbhís sin ag cuid mhaith de na hóstáin mhóra timpeall chathair Bhaile Átha Cliath

aircoach

UrbusTairgeann Urbus seirbhís as Aerfort Bhaile Átha Cliath chuig Caisleán Cnucha, Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir agus Sórd.

Urbus_logo

Seirbhísí Cóiste Náisiúnta

Cuideachta Chóiste SonraíLáithreán Gréasáin
ArdcavanFeidhmíonn Ardcavan seirbhís laethúil ó Luan go Satharn as Aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí lár na cathrach; stopann sí i nGuaire, Inis Córthaidh, Loch Garman, agus críochnaíonn sí an tseirbhís ag Droichead Eoin.  Fágann an tseirbhís Carrchlós na gCóistí sa charrchlós gearrthéarmach.

Ardcavan

AircoachFeidhmíonn Aircoach seirbhísí as Aerfort Bhaile Átha Cliath chuig Béal Feirste agus Corcaigh.  Fágann seirbhísí ó lasmuigh den limistéar Teachtaí.

aircoach

Bus Éireann Soláthraíonn Bus Éireann seirbhís bus laethúil as Aerfort Bhaile Átha Cliath go Leitir Ceanainn, Béal Feirste, Droichead na Banna, An tIúr, Dún Dealgan, Droichead Átha agus Baile Brigín.

Bus ireann

Bus Nestor Soláthraíonn Bus Nestor seacht gcinn de sheirbhísí cóiste laethúla as Gaillimh agus as bailte ar an mbealach.

Busnestor

CitylinkTairgeann Citylink seirbhísí gach uair an chloig chuig Luimneach/Port Láirge ó 8.15r.n. go dtí 9.15i.n.  Fágann an tseirbhís Carrchlós na gCóistí sa charrchlós gearrthéarmach.

citylink

JJ Kavanagh Feidhmíonn JJ Kavanagh seirbhísí cóiste go laethúil chuig Luimneach, Port Láirge agus an Trá Mhór agus pointí ar an mbealach.  Fágann an tseirbhís Carrchlós na gCóistí sa charrchlós gearrthéarmach.

JJ kavanagh