Change language: English »

To & From The Airport

I gCarr

Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath suite go háisiúil thart ar 6 mhíle as lár chathair Bhaile Átha Cliath, gar do mhótarbhealaí an M50 agus an M1.

Ag scaoileadh paisinéirí amach

Má tá tú ag scaoileadh paisinéirí amach ag an aerfort, tá pointe scaoilte amach ainmnithe lasmuigh den chríochfort. Cé gur féidir leat díluchtú ar an mbóthar imeachta, ní cheadaítear duit fanacht ann. Déanann an Garda san Aerfort patról ar an mbóthar go rialta agus iarrtar ar fheithiclí bogadh ar aghaidh. 

Ag piocadh paisinéirí suas

Ní ceadmhach fanacht ar an mbóthar imeachta ag aon tráth. Má bhíonn tú ag bualadh le duine éigin atá ag teacht ó eitilt, ba chóir duit fanacht sa charrchlós gearrthéarmach, atá díreach os comhair fhoirgneamh an chríochfoirt.

Feithiclí gan tionlacan

Níor chóir feithiclí a fhágáil gan tionlacan ag aon tráth mar gheall ar chúiseanna slándála. Cuirfidh na gardaí clampa ar fheithicil ar bith a bheidh fágtha gan tionlacan lasmuigh den chríochfort. Gearrtar táille €63 as an gclampa a bhaint den fheithicil.