Change language: English »

To & From The Airport

Tacsaí

Scaoilfear amach paisinéirí a bheidh i dtacsaithe ar an mbóthar imeachtaí díreach lasmuigh d'fhoirgneamh an chríochfoirt.

Limistéar Méadraithe

Má tá do thuras laistigh de Limistéar Méadraithe Tacsaí Bhaile Átha Cliath, caithfidh an tiománaí an táille a bhíonn le feiceáil ar an méadar a ghearradh, móide táillí breise más infheidhmithe. Ba chóir an méadar a chur ag obair nuair a thógtar suas custaiméir.

Lasmuigh de Limistéar Méadraithe

Gearrtar turais lasmuigh den limistéar méadraithe trí tháille in aghaidh an turais. Moltar an praghas a phlé leis an tiománaí sula dtosaíonn an turas.

Gearáin


Ba chóir gearáin maidir le feithiclí, tiománaithe, táillí a ghearrtar nó fiosrúcháin maidir le maoin a théann amú a chur isteach i scríbhinn chuig: 

Rannán na nGearán,
Oifig Iompair an Gharda
Caisleán Bhaile Átha Cliath,
Baile Átha Cliath 2


Teileafón: + 353 (01) - 666 9864/ +353 (01) 666 9863
Facs: +353 (01) 666 9870


Ba chóir go mbeadh siad seo a leanas sna sonraí faoin ngearán:

  1. Uimhir chomhartha ó dhíon an tacsaí lena mbaineann
  2. Dáta, am agus sonraí na heachtra
  3. Uimhir teagmhála teileafóin mar ar féidir teacht ort.

 


Faigheann tacsaithe ceadúnais ó Bhardas Bhaile Átha Cliath agus déanann Oifig Iompair na nGardaí Garda Carriage Office monatóireacht orthu. Eisíonn Aerfort Bhaile Átha Cliath ceadanna chun feidhmiú ag an aerfort. Bíonn tacsaithe ar fáil ag an stad tacsaí lasmuigh den Fhoirgneamh Teachta agus ansin amháin. Is coir í do thiománaithe tacsaí tacsaithe a thairiscint do phaisinéirí laistigh d'fhoirgneamh an Chríochfoirt.