Top Level Content Navigation:
Tá páirceáil fhadtéarmach ar fáil feadh imlíne thoir an aerfoirt. Lean na comharthaí poist don pháirceáil Fhadtéarmach. Téann bus tointeála saor in aisce go seasta idir foirgneamh an chríochfoirt agus páirceáil Fhadtéarmach. Tabhair faoi deara le do thoil an crios páirceála inar pháirceáil tú do charr.
Tá sé riachtanach go mbeadh do thicéad páirceála tugtha leat. Ní mór an táille páirceála a íoc ag ceann de na stáisiúin íocaíochta istigh i gcríochfort na dTeachtaí, nó díreach lasmuigh de chríochfort na dTeachtaí ag an iontráil chuig an limistéar páirceála Gearrthéarmach. Ba chóir do phaisinéirí a bhfuil a dtáille páirceála íoctha acu filleadh ar an gCarrchlós Fadtéarmach ar an mbus tointeála saor in aisce.
Is carrchlós iargúlta é sin, agus ba chóir do chustaiméirí an t-aerfort a shroicheadh 40 nóiméad sula gcláraíonn siad chun dóthain ama a thabhairt teacht ar ais ón gcarrchlós chuig an gcríochfort.
| Fad | Táille |
|---|---|
| Suas go dtí lá amháin (24 uair an chloig ó théann duine isteach sa chlós) | € 8.50* |
| Gach lá breise (nó cuid de sin) | € 8.50* |
*(Áirítear 21% CBL leis na táillí)
1800 204010 (laistigh d'Éirinn)
+353 1 8144828 (lasmuigh d'Éirinn)
Secondary Content Navigation: