

Bothanna Féinseirbhíse agus Seirbhísí Glacadh Bagáiste
Lean na céimeanna seo chun seiceáil isteach go tapa:
Bain gach seanchlib & lipéad de do bhagáiste.
Cuir bagáiste ar an mboth féinseirbhíse.
Clibeáil do mhála agus an barrachód os a chionn.
Ceangail gach strapa scaoilte chun dul i bhfostú a chosc.
Cuir do bhagáiste sa limistéar Glacadh Bagáiste leis na rothaí in airde.
Ní mór bagáiste mórmhéide a thabhairt chuig an Limistéar Bagáiste Mórmhéide atá suite sa halla imeachta sa dá chríochfort.
Earraí Toirmiscthe
Ní cheadaítear do phaisinéirí na hearraí seo a leanas a iompar ina mbagáiste boilg.
Pléascáin agus substaintí agus gléasanna loiscneacha is féidir a úsáid chun díobháil thromchúiseach a dhéanamh nó chun bagairt a dhéanamh do shábháilteacht aerárthaí, lena n-áirítear:
Armlón
Caipíní pléasctha
Maidhmitheoirí agus fiúsanna
Mianaigh, gránáidí agus stórtha míleata pléascacha eile
Tinte ealaíne agus piriteicnic eile
Ceanastair a ghineann deatach agus cartúis a ghineann deatach

Dinimimít, púdar gunna agus pléascáin phlaisteacha
Toisí nó Cineál Bagáiste | Fad (mm) | Leithead (mm) | Airede (mm) |
|---|---|---|---|
Toisí mála íosta | 300 | 200 | 75 |
Toisí mála uasta | 950 | 750 | 450 |
As Miosúr (OOG): | >950 <1500 | 750 | 450 |
Go Mór as Miosúr (SOOG): | >1500 <2400 | 900 | 750 |