Empty Link Skip to Content
Search Menu

Seicliosta Slándála

Céim 1: Scagadh bagáiste láimhe

Security Screening area Terminal 2
  • Cuir ríomhairí glúine agus míreanna móra leictreacha i dtráidire ar leithligh
  • Coinnigh boinn, eochracha, fóin phóca agus míreanna beaga eile i do chóta nó i do bhagáiste láimhe
  • Cuir do bhagáiste láimhe agus do chóta i dtráidire
  • Cuir sa tráidire aon mhíreanna leachtacha (féach Rialacháin an Aontais Eorpaigh maidir le Leachtanna) atá curtha i mála go cuí
  • Déanfar cuardach láimhe críochnúil ar naíchóistí, ar chathaoireacha rothaí agus ar áiseanna siúil agus déanfar scagadh breise orthu
  • Beidh tú in ann an próiseas a bhrostú go mór agus agaí feithimh a laghdú má tá na míreanna sin ullamh agat a mhéid is féidir sula mbaineann tú an seicphointe scagtha amach

Céim 2: Dul tríd an mbrathadóir miotail

Security Screening Area T2
  • Téigh go tapa tríd an mbrathadóir miotail nuair a chuireann an ball den fhoireann slándála in iúl duit gur cheart duit déanamh amhlaidh
  • Má chuireann an brathadóir miotail an t-aláram ar siúl, déanfar cuardach coirp ort, tar éis duit do chead a thabhairt, chun an mhír a dhúisigh an t-aláram a shainaithint
  • Is féidir go gcuirfidh an brathadóir miotail an t-aláram ar siúl má roghnaítear go randamach thú chun dul faoi sheiceáil ETD (brath rianta pléascán)
  • Chun am a shábháil, dá bhrí sin, tá sé inmholta gach mír mhiotail a bhaint díot agus iad a chur sa tráidire lena scagadh, nuair is féidir

Céim 3: Scagadh Leantach Láimhe

Prohibited Items Signage Closer View T2
  • Mura féidir mír i do bhagáiste láimhe a shainaithint go réidh le linn scagadh, déanfar cuardach leantach láimhe os do chomhair ar a bhfuil sa mhála
  • Is é atá i gceist leis go n-osclaítear an mála agus go sainaithnítear an mhír i gceist
  • Déanfar aon leachtanna nár baineadh den bhagáiste roimh scagadh a bhaint den bhagáiste seiceáilte agus, más ceadmhach, athscagfar iad ar leithligh ón mbagáiste
  • Má tá ceamaraí, ríomhairí glúine nó gléasanna móra leictreacha eile nár bhain tú roimh scagadh á n-iompar agat, iarrfar ort iad a bhaint de do bhagáiste le haghaidh athscagadh ar leithligh
  • Is féidir go roghnófar do mhála go randamach chun dul faoi sheiceáil ETD (brath rianta pléascán)

Sign Up to our Newsletter

Do you love Airport News, Offers and Discounts?

  • Be the first to get airport promotions and offers
  • Enjoy great discounts
  • Receive airport news and updates
  • Be the first to get airport promotions and offers
  • Enjoy great discounts
  • Receive airport news and updates